Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ar bhás Brian Hillery

Dáta: Céa 20th Ean, 2021 | 16:14

“Is cúis mhór bhróin dóibh siúd ar suim leo an pholaitíocht agus an eacnamaíocht, dóibh siúd a bhuail leis ina shaol poiblí fada agus go háirithe dá chomhghleacaithe i bhFianna Fáil, bás Brian Hillery. 
 
Bhí suim go luath ina shaol ag Brian Hillery sa tráchtáil agus sa gheilleagar, agus rinne sé a chion féin mar Sheanadóir agus mar Theachta Dála ar son Dhún Laoghaire. D’fhág sé a lorg i saol an riaracháin agus an airgeadais, agus bhí sé ina ionadaí ag Éirinn sa Bhanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, ina stiúrthóir ar an mBanc Ceannais, ina Rialtóir Airgeadais, agus ina bhall de chomhlachtaí éagsúla a thug comhairle don Rialtas. Thuil sé cáil, freisin, sna róil éagsúla a bhí aige san earnáil phríobháideach.  
 
Cuimhneoidh siad siúd a d’fhreastail leis san Oireachtas ar Brian mar dhuine cúirtéiseach agus mar dhuine cairdiúil agus meabhrach. Beidh cuimhní croíúla againne air, sinne a raibh sé de phribhléid againn aithne a bheith againn air go pearsanta agus a bhain sásamh as a chomhluadar. 
 
Cuirim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí in iúl dá bhean chéile Miriam (née Davy), dá iníon Clíona agus dá mhic Conor, Eugene, Brian agus Gavin, dá mhuintir, agus dóibh siúd a chuirfidh a bhás isteach go mór orthu. 
 
Suaimhneas síoraí air.”