Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar Chlár Comórtha na Cásca 2020

Dáta: Déa 9th Aib, 2020 | 16:51

"Is tráth cuimhneacháin, machnaimh, dóchais don todhchaí agus, maidir le cuid mhaith daoine, tráth cruinnithe leo siúd a bhfuil an-ghean orthu, atá sa Cháisc.

Ní bheidh an Cháisc seo cosúil le haon cheann a bhfuil cuimhne againn uirthi. An deireadh seachtaine seo, beidh orainn rudaí a dhéanamh ar bhealaí éagsúla. 

Ní mór dúinn ár ngrá dá chéile a thaispeáint, ár ndlúthchomhar leis na daoine is leochailí inár measc, agus ár dtacaíocht do na mílte bean agus fear atá ag obair go dian chun seirbhísí riachtanacha a sholáthar dúinn agus chun sinn a choimeád slán trí fhanacht sa bhaile, spás a choimeád eadrainn agus tacaíocht a thabhairt dá chéile ar shlite nach baol do dhuine ar bith iad.  

Creidimse gur comhartha ómóis chuí atá ansin dóibh siúd go léir a bhfuil an oiread sin déanta acu d'Éirinn agus do mhuintir na hÉireann.

Cuimhnímid an deireadh seachtaine seo, le buíochas orthu siúd a leag bunchloch ár bpoblachta agus orthu siúd go léir a bhfuil idéil fhiala na fíorphoblachta á ndearbhú acu i bhfocail agus i ngníomhartha le linn na tréimhse crua seo. 

 

Nóta don Eagarthóir

Beidh roinnt imeachtaí Stáit ar siúl an deireadh seachtaine seo.

 

  • Tá taifead déanta ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar theachtaireacht chuig muintir na hÉireann sa bhaile agus thar lear a sheolfar ar Aoine an Chéasta.

    Ina theachtaireacht speisialta chuir an tUachtarán comhbhá agus dlúthchomhar mhuintir na hÉIreann in iúl dár bpobal leathan domhanda agus ghlac sé buíochas "leo siúd go léir atá ag obair gan staonadh agus go neamhleithleach chun pobail a choimeád slán agus folláin" agus d'impigh sé ar mhuintir na hÉireann cloí leis na srianta atá curtha i bhfeidhm chun scaipeadh an víris a chosc.

    Beidh teachtaireacht an Uachtaráin ar fáil ar www.president.ie

 

  • Ar an Satharn Naofa ag 9 p.m. - iarrtar ar mhuintir na hÉireann Solas a Lonrú chun a dtacaíocht agus a ndlúthchomhar a thaispeáint dóibh siúd atá breoite agus dóibh siúd a bhfuil daoine muinteartha leo tar éis bháis leis an COVID 19, agus mar chomhartha buíochais dár n-oibrithe cúram sláinte agus dóibh sin go léir a bhfuil seirbhísí riachtanacha á gcur ar fáil acu le linn na géarchéime seo.

    Glacfaidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn páirt sa tionscnamh seo trí laindéir a lasadh in Áras an Uachtaráin. Beidh an t-imeacht á chraoladh ar RTÉ1.

 

  • Ar Dhomhnach Cásca déanfar cuimhneachán ar fhir agus ar mhná 1916, ní trí shearmanais a mbeidh an pobal i láthair acu, ach trí imeacht a chraolfar ar theilifís ag meán lae.

    Is é an tUachtarán Micheál D. O hUigínn a bheidh ar cheann an chomórtha speisialta seo ar Éirí Amach na Cásca 1916 a tharla 104 bliain ó shin.

    Cuirfear tús leis an searmanas nuair a bhuailfidh an tUachtarán Ó hUigínn Clog na Síochána in Áras an Uachtaráin agus ina dhiaidh sin déarfar paidir agus léifear an Forógra.

    Leagfaidh an tUachtarán Ó hUigínn fleasc os comhair grúpa 16 chrann beithe, a chuir an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín in onóir na gceannairceach a cuireadh chun báis tar éis Éirí Amach 1916. Beidh nóiméad ciúnais ann i ndiaidh leagan na fleisce, chun comóradh a dhéanamh orthu siúd a fuair bás in Éirí Amach na Cásca chomh maith leo siúd a fuair bás de bharr phaindéim COVID19.

 

  • Ar Luan Cásca, ag 5.55 p.m. craolfaidh RTÉ1 searmanas gearr Ireland Remembers, in onóir na ndaoine sin go léir a fuair bás ag an am seo. 
    Déanfar an searmanas a réamhthaifeadadh agus leagfar fleasc lena linn ag an linn chroschruthach sa Ghairdín Cuimhneacháin; cúigear d'aoiseanna éagsúla a dhéanfaidh an fleasc a leagan agus ionadaithe ó chuid de na gníomhaireachtaí atá ag cuidiú sa phaindéim seo a bheidh iontu (altra, paraimhíochaineoir, oibrí Aer Lingus, saorálach Alone, ionadaí 9 mbliana d'aois ó CLG).  Cuirfear clabhsúr ar an searmanas le nóiméad ciúnais i gcuimhne orthu siúd a fuair bás.