Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn faoin bhforéigean leanúnach sa Mheánoirthear

Dáta: Déa 2nd Sam, 2023 | 17:05

"Caithfear dul i ngleic leis an gcaillteanas beatha sibhialtach uafásach  i nGaza agus in Iosrael. Ba cheart go mbainfeadh sé linn uile. Ba cheart cur síos ar fhoréigean gníomhaithe stáit agus neamhstáit mar atá - sárú dlí dhaonnúil idirnáisiúnta. Má táthar le meas a bheith ar an dlí idirnáisiúnta, tá sé tábhachtach go scaoilfí saor na gialla agus sos cogaidh daonnúil a chur i bhfeidhm ar an toirt. 
 
Agus an caillteanas beatha sibhialtach uafásach ag leanúint ar aghaidh i nGaza, a bhfuil tionchar millteanach aige ar chlanna ar gach taobh, agus móramh ban agus páistí ina measc siúd a maraíodh, tá sé tábhachtach go ndéanfaí fíorú ar na figiúirí, nach n-úsáidfí iad i bpreasráitis in iomaíocht lena chéile. 
 
Caithfear liostáil sibhialtach ar chúiseanna míleata ar thaobh ar bith a aithint agus dul i ngleic leis; ní féidir linn glacadh le comhphíonós agus maíomh as tacú leis an dlí idirnáisiúnta. Níl sé inghlactha ar aon bhealach go mbeadh bagairt ar ospidéil agus orthu siúd atá faoina gcúram mar gheall ar an easpa bhunúsach acmhainní, nó a bhfuil damáiste déanta dóibh nó go deimhin bagairt déanta go scriosfar iad nó iallach curtha orthu siúd atá iontu aistriú amach.
 
Ba cheart dóibh siúd sa phobal idirnáisiúnta ar mhaith leo tacú leis an dlí idirnáisiúnta agus an ceart ar fad acu sa chiall is iomláine, lena n-áirítear Coinbhinsiún na Ginéive, brú a chur chun na fíricí a fhíorú go neamhspleách.
 
Tá freagracht ar chomhlachtaí idirnáisiúnta, an tAontas Eorpach ina measc, chomh maith le baill an chomhphobail leathain idirnáisiúnta, ceangal a chur orthu féin tacú go neamhbhalbh leis an dlí idirnáisiúnta gan fanacht ina dtost ná ligean dá dteachtaireachtaí a thógáil le débhríocht. Teastaíonn sé sin chun seasamh a thabhairt don iltaobhachas a ndéantar é a agairt go minic. Mura ndéantar é sin, is ionann é agus géilleadh dóibh siúd atá páirteach i gcoimhlint, agus saoirse ó phionós a bhronnadh orthu, a bheag nó a mhór.
 
Maidir le cosaint leanaí, níor cheart go dtiocfadh aon fhadhb eile sa bhealach, fiú amháin ar feadh nóiméid. Déantar cairdis, comhghuaillíochtaí agus comhpháirtíochtaí a thástáil leis sin nach féidir a sheachaint, má tá an taidhleoireacht le teacht ar ais in áit an chogaidh.
 
Táim bródúil as ENRanna na hÉireann atá ag freagairt don uafás atá á nochtadh faoi láthair i nGaza; tá gníomhartha móra misnigh agus daonnachta ag tarlú sna cúinsí is measa. Caithfear meas a bheith ar chrógacht agus ar thiomantas thar na bearta an phearsanra leighis a bhfuil a mbeatha á cur i mbaol acu le linn dóibh a bheith ag cur suas le deacrachtaí dochreidte agus iad ag fanacht leo siúd a bhfuil a gcúram orthu. Léirítear an praghas uafásach atá le híoc go bhfuil an oiread sin ball d'Eagraíocht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Saothair, múinteoirí ina measc, a bhfuil bás faighte acu cheana féin sa tasc sin agus sibhialtaigh á mbagairt le sceimhle agus cogadh. Is é atá rompu an fhulaingt sin.
 
Má táimid le bogadh ar aghaidh thar na himeachtaí atá anois ann, ní mór dúinn an acmhainn a bheith againn na fíricí ar an talamh a fhíorú, agus iad a fhreagairt, na bacainní roimh fhóirithint dhaonnúil a chur as an mbealach, chun gur féidir spás i gcomhair na taidhleoireachta a aimsiú, agus as sin uile go dtiocfaidh saothar seasta moltaí éagsúla chun cinn, moltaí a thabharfaidh slándáil réasúnta do shaoránaigh Iosrael, agus ag an am céanna go mbainfear amach cearta mhuintir na Palaistíne ar tugadh neamhaird orthu le fada an lá; féidearthacht na síochána a thairiscint do na glúnta atá le teacht a mbeidh orthu spás agus beatha a roinnt eatarthu mar chomharsana."