Ráiteas ón Uachtarán Catherine Connolly ar bhás do David Andrews
Dáta: Mái 30 Mei, 2026 | 18:10
Ba mhaith liom mar Uachtarán na hÉireann mo bhrón a chur in iúl tar éis dom scéal báis David Andrews a chloisteáil.
Tá agus beidh cáil ar David mar pholaiteoir fíor-mhacánta a chaith cuid mhór dá shaoil ag saothrú ar son cearta daonna.
Bhí ról thar a bheith thábhachtach ag David mar Aire Gnóthaí Eachtracha le linn chainteanna Chomhaontú Aoine an Chéasta agus blianta fada foréigin an oileáin seo á thabhairt chun deiridh.
Tharraing sé aird, agus é ina Theachta Dála, ar an ngá cúnamh práinneach a thabhairt dóibh siúd a bhí ag fulaingt in áiteanna mar Ruanda, An tSomáil, agus an Phalaistín, ag an am céanna ag tacú leo siúd a bhí i ngátar lena n-áirítear Seisear Birmingham agus Ceathrar Guildford.
Tar éis éirí as ón Oireachtas dó lean David i mbun oibre ar son cearta daonna agus é ag feidhmiú mar Chathaoirleach Chros Dhearg na hÉireann.
Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le bean chéile David, Annette, lena pháistí, a mhuintir, agus a chuid cairde agus comhghleacaithe ar fad.
