Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Cuireann an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn a chomhbhrón in iúl do mhuintir an tSahára Thiar

Dáta: Céa 1st Mei, 2016 | 17:00

1 Meitheamh 2016

 
“Is le dobrón a chuala mé faoi bhás Mohammed Abdelaziz, bunaitheoir agus ceannaire ar an ngluaiseacht Polisario ar feadh dhá scór bliain, tar éis dó tíreáil mhór a fháil ó thinneas.

Bhuail mé leis an Rúnaí-Ginearálta, nach maireann, san Afraic agus in Éirinn araon. Bhí Éire ar cheann de na tíortha sin a chuir pearsanra ar fáil d’fhórsaí síochána na Náisiún Aontaithe sa Sahára Thiar.

Ar son mhuintir na hÉireann, cuirim mo chomhbhrón in iúl do chlann an Uasail Abdelaziz, do Fhronta Polisario agus do phobal an tSahára Thiar, agus iad faoi bhrón ag a bhás anabaí.

Tugaim taca dóibh siúd go léir atá ag iarraidh an tsíocháin a bhaint amach sa cheantar.

Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.”