Teachtaireacht ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn le linn Sheachtain Mhórtais an Lucht Taistil
Dáta: Mái 4 Iúi, 2023 | 16:53
Guím gach rath agus beannacht ar thograí speisialta an tseachtain seo. Guím gach rath ar lucht eagraithe Sheachtain Mhórtais na dTaistealaithe 2023.
Ba chóir go rachadh téama fhéile na bliana seo “a celebration of Traveller change-makers in Irish history”, i gcion go mór orainn ar fad. Leis na cianta, tá ról lárnach imeartha ag comhphobail na dTaistealaithe i gclaochlú na hÉireann, ó thaobh an cheoil, na hamhránaíochta agus na scéalaíochta, agus lorg suntasach fágtha ar ár n-oidhreacht chomhroinnte acu.
Trí aitheantas agus ceiliúradh a dhéanamh ar ghaisce cheannródaithe an Lucht Taistil, ní hamháin go ndéanfaimid ceiliúradh ar a n-acmhainneacht, a neart agus a ndíograis, ach go seolaimid teachtaireacht chumhachtach maidir leis an gcuimsiú agus leis an gcomhionannas.
Is éard atá ann ná ceiliúradh a dhéanamh ar an éagsúlacht atá inár sochaí agus áit a thabhairt di ar mhaithe leis an náisiún a neartú.
Tá baint againn ar fad mar shaoránaigh na hÉireann le Seachtain Mhórtais na dTaistealaithe. Tá an tseachtain speisialta seo ann le muid a tharraingt le chéile, le dúshlán a thabhairt dúinn agus le heispéireas idirdhealaithe a phlé, le bheith ag obair i dtreo thodhchaí gheal, in ainneoin cúlra ná cine.
Beir gach beannacht don tseachtain is don todhchaí.
