Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Teachtaireacht ón Uachtarán Ó hUigínn do mhuintir na hÉireann atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe

Dáta: Lua 23rd Már, 2020 | 13:29

Ar maidin, roinn Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn a ráiteas chuig  ‘The Irish World’ inar labhair sé le muintir na hÉireann atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe in am seo an ghátair. 

Agus an ráiteas á eisiúint aige, dúirt an tUachtarán freisin:

“Ba cheart go mbeadh a fhios againn uile in Éirinn anois go bhfuil an scaradh spásúil – fad fisiceach nach lú ná 2 mhéadar nó 6.5 troigh – ar cheann de na bearta is fearr atá againn lenár muintir a chosaint ó Covid-19.

Impím orthu siúd a raibh deacracht acu leis na bearta sin tosú arís le linn na seachtaine cinniúnaí seo agus dul níos faide ná sin.  

Tá an teanga a úsáidimid níos tábhachtaí ná riamh anois. Ba cheart cur síos ar na daoine is leochailí leis na focail sin, iad níos leochailí ná an chuid eile dínn, agus cúram cuí ag dul dóibh.

Is féidir sin a dhéanamh trí na ceangail leo siúd is mó atá i mbaol a neartú seachas a lagú agus chomh maith leis sin trí chuidiú lena bpáirt luachmhar sa tsochaí a choimeád.”

< CRÍOCH >

 

NÓTA d’EAGARTHÓIRÍ

Tá téacs iomlán theachtaireacht an Uachtaráin chuig ‘The Irish World’ ar fáil ar líne ag https://www.theirishworld.com/president-michael-d-higgins-covid-19-message-to-the-irish-in-the-uk/

 

An Teachtaireacht:

“Mar Uachtarán na hÉireann, cuirim mo bheannachtaí ó chroí chuig muintir na hÉireann go léir sa Bhreatain, ag an tráth fíordheacair seo.

Is uair í ar cúis imní mhór dúinn go léir atá inti, imní orainn dóibh siúd is leochailí agus uair ina bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh oibriú i gcomhar, dlúthpháirtíocht a thaispeáint agus na céimeanna breise atá riachtanach chun aire a thabhairt dá chéile a ghlacadh, agus sinn ag freagairt na bagartha ó Covid19.

Mar Uachtarán na hÉireann, níl amhras ar bith orm ach go dtabharfaidh muintir na hÉireann, pé áit ina bhfuil siad, aghaidh ar an ngéarchéim reatha le gníomhartha a thabharfaidh le chéile muid.  

Cheana féin, tá sé feicthe againn i roinnt mhaith cásanna go bhfuil daoine tar éis teacht i gcabhair ar bhaill leochaileacha dá bpobal, agus tá fíoráthas orm faoi na léirithe dlúthpháirtíochta a chuimsíonn cúram agus aire do gach duine dár muintir Éireannach, beag beann ar theorainneacha, thíreolaíocht nó aois.

Táthar ag tarraingt ar an gcumas comhbhá agus comhoibrithe atá i gcroílár ár dtuiscint ar an Éireannachas roinnte agus tugann sé misneach dom sa chreideamh atá agam sa teacht aniar atá i muintir dhomhanda na hÉireann agus sa dáimh atá acu le hÉirinn.  

Níl amhras ar bith ach go mbeidh tionchar an-mhór ag an bpaindéim orainn go léir, sa ghearrthéarma, mar a n-iarrtar orainn athruithe suntasacha a dhéanamh inár n-iompar laethúil, agus ar ndóigh sa mheántéarma agus san fhadtéarma nuair a bheidh bagairt ar fhoinsí ioncaim agus tacaíochta.  

Mar Uachtarán, táim ag coimeád súile gach lá ar an tionchar atá ag an ngéarchéim cheana féin, go háirithe mar a bhaineann sé leo siúd is leochailí nó imeallaithe , agus tá a fhios agam go rímhaith go bhfuil bagairtí agus féidearthachtaí ann i dtéarmaí eacnamaíochta, airgeadais agus sóisialta.

Beidh todhchaí an-éagsúil ó bhonn ann i ndiaidh an víris seo le hais a bhfuil ar eolas againn roimhe seo. Táim ag súil ó chroí go mbeimid ábalta freagairt phráinneach chuimsitheach ar an bpaindéim a fhorbairt go comhthreomhar le cur chuige dóthanach cuimsitheach maidir leis na dúshláin bhunúsacha a bhaineann leis an éagothroime atá ag fás agus le scrios na timpeallachta atá bunúsach inár samhlacha reatha den cheangal atá idir an geilleagar, an tsochaí agus an éiceolaíocht.

Cuireann an coróinvíreas i gcuimhne dúinn gur feiniméin dhomhanda atá sa bhochtaineacht, sa ghalar agus san athrú aeráide agus nach bhfuil aon mheas acu ar theorainneacha atá tógtha ag an duine. Chun dul i ngleic leis na dúshláin dhomhanda sin, teastaíonn comhoibriú agus dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta. Is é seo an t-am le haghaidh tuilleadh comhordaithe agus cúnaimh iltaobhaigh agus le haghaidh ár gceangail a threisiú.

Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an bpobal iomlán Éireannach sa Bhreatain, iad siúd a rugadh in Éirinn nó a bhfuil ceangal acu léi, as a gcuid iarrachtaí.  

Táim ag smaoineamh go háirithe ar na hÉireannaigh aosta ag an am seo. Idir 1955 agus 1960, d’fhág ceathrú milliúin Éireannach an tír agus thug siad a n-aghaidh ar an Ríocht Aontaithe, agus arís sna 1980idí, nuair a bhí baint agam féin agus daoine eile leis an nGrúpa Gníomhaíochta ar son Óige na hÉireann, nuair a bhí ciorruithe á gcur i bhfeidhm ar an leas sóisialta agus ar thacaíocht tithíochta.

Iarraim oraibh freisin leanúint leis an bhfíorchúram ag an am seo, comhairle a ghlacadh, agus foighne agus tiomantas a thaispeáint maidir le luachanna lárnacha na saoránachta roinnte. Is tráth deacair é ach tráth a rachaidh thart.

Déanaimis cinnte de go mbeimid ábalta féachaint siar ar an tréimhse seo le bród as na gníomhartha ar thugamar fúthu, agus as na gníomhartha cineáltais agus dlúthpháirtíochta a roghnaíomar.

Beir beannacht.”

 

 

 

Micheál D. Ó hUigínn

Uachtarán na hÉireann