Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An Lá Domhanda chun an Féinmharú a Chosc, 2020 á chomóradh

Dáta: Céa 9th Meá, 2020 | 14:49

Glacann an tUachtarán Ó hUigínn buíochas le gníomhaithe ar son na meabhairshláinte

Rinne an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an Lá Domhanda chun an Féinmharú a Chosc a chomóradh trí chuireadh a thabhairt do roinnt gníomhaithe ar son an féinmharú a chosc chuig Áras an Uachtaráin.

Dúirt an tUachtarán, i ráiteas ar mhaithe leis an Lá Domhanda chun an Féinmharú a Chosc:

“Is beag pobal nó teaghlach in Éirinn nár chuir tragóid an fhéinmharaithe isteach orthu ar bhealach éigin. Táim fíorbhuíoch, mar Uachtarán na hÉireann, díobh siúd go léir a bhíonn i mbun oibre le comhbhá agus le dea-chroí chun timpeallacht níos fearr a chruthú dóibh siúd a mbíonn deacrachtaí meabhairshláinte acu agus a mbíonn a sá de bhuaireamh cráite an tsaoil laethúil acu.

Is deacair iad na dúshláin atá romhainn mar shochaí agus is deacair go háirithe iad do chuid mhaith dár saoránaigh a mbíonn deacrachtaí meabhairshláinte ag cur isteach orthu. Tá sé ríthábhachtach go leanfaimis gualainn le gualainn ag tacú leo siúd atá leochaileach, chun spás a chruthú le haghaidh comhráite oscailte agus cuimsitheacha faoin meabhairshláinte agus chun fáil réidh leis an stiogma a bhaineann leis an meabhairshláinte.

Ar feadh ghéarchéim Covid-19 ba chúis mhór inspioráide an iliomad slite samhlaíocha inar lean ár saoránaigh ag cabhrú leo siúd a bhí ar an ngannchuid.

Inniu, mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil leo siúd a d’oibrigh, agus atá fós ag oibriú, chun daoine a chur ar an eolas faoi na cúiseanna leis an bhféinmharú, agus a léiríonn an oiread sin comhbhá agus cúraim dóibh siúd atá i gcruachás ina bpobail.”