Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Oíche Chultúir in Áras an Uachtaráin

Dáta: Déa 11th Lún, 2016 | 10:51

Don tríú bliain as a chéile, tá áthas ar Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, agus a bhean chéile Saidhbhín, Áras an Uachtaráin a oscailt don phobal ar an Oíche Chultúir, 16 Meán Fómhair 2016.

Tabharfar léargas ar stair theach chónáithe oifigiúil an Uachtaráin agus cuirfear taibhiú cultúrtha ar siúl.  Reáchtálfar an Oíche Chultúir in  Áras an Uachtaráin ó 3 p.m. go 9 p.m.

Beidh ticéad riachtanach chun freastal ar an imeacht seo. Chun cur isteach ar thicéad seol d’ainm agus do sheoladh poist ar an r-phost chuig [email protected]. Bronnfar na ticéid ar bhonn crannchuir. Is é an 31 Lúnasa 2016 an dáta deiridh le haghaidh iarratais.

Siamsóirí na hoíche

Elsafty, Armstrong agus Browne

Cuirfidh an triúr seo glór binn duine de na hamhránaithe sean-nóis is breátha in Éirinn, Róisín Elsafty, os bhur gcomhair, in éineacht le fuaim uathúil agus álainn na cruite Gaelaí meánaoise a bhéidh á seinm ag  seinnteoir iomráiteach  na cruite stairiúla, Siobhán Armstrong, agus an ceol fite fuaite le fliúiteanna, feadóga agus píoba beoga Ronan Browne atá á seinm le 170 bliain anuas.

Ó amhráin bheoga go caointe cruite agus dréachtaí do na seanphíoba, tugtar léargas dúinn ar cheol ar leith ó Éirinn luath.

Beidh eispéireas cultúrtha croíúil, faisnéiseach agus lúcháireach ag baint le teacht le chéile an triúir ceoltóirí seo, a bhfuil an oiread sin grá agus ómóis acu don stair as ar cruthaíodh saol an lae inniu agus a bhfuil siad faoi dhraíocht aici.

Compántas Amharclannaíochta Smashing Time

Is compántas amharclannaíochta gairmiúil atá in Smashing Times agus é bainteach le taibhiú, traenáil agus rannpháirteachas. Tá cur chuige obair an chompántais bunaithe ar chearta an duine agus ar thiomantas d’fheabhas na healaíne agus do chaidreamh sóisialta. Bhunaigh grúpa ban-aisteoirí, a bhuail le chéile in Amharclann Focus i mBaile Átha Cliath, an compántas in 1991.

Cruthaíonn an compántas buntaibhithe chun raon téamaí sóisialta agus polaitiúla a bhaineann le gnáthshaol an duine a iniúchadh agus chun caidreamh trasteorann agus trasphobail a spreagadh.

1. Aíonna ag teacht chuig Áras an Uachtaráin idir 3 p.m. agus 5 p.m., áit a bhfeicfidh siad taibhiú de chuid Chompántas Amharclannaíochta Smashing Times de:

Constance (3 p.m. go 5 p.m.)

Curtha i láthair ag Róisín Mac Atamney

Scríofa agus léirithe ag Mary Moynihan, le sleachta filíochta de chuid Eva Gore Booth

Sa mhonalóg seo, labhraíonn an Chuntaois Markievicz (Constance Gore-Booth) linn faoina cuimhní ar Éirí Amach 1916 agus ar a cuid ama sa phríosún agus í ag cuimhneamh ar a deirfiúir Eva Gore-Booth. Bhí Constance ar an gcéad bhean a toghadh chun Teach na dTeachtaí sa Bhreatain agus ar an gcéad bhean a bhí ina Aire Rialtais san Eoraip.

2. Aíonna ag teacht chuig Áras an Uachtaráin idir 7 p.m. agus 8 p.m. , áit a bhfeicfidh siad taibhiú de chuid Chompántas Amharclannaíochta Smashing Times de:

Grace and Joe (7 p.m. go 9 p.m.)