Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Oíche Chultúir 2022

Dáta: Lua 15th Lún, 2022 | 12:01

Tá áthas ar Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, agus ar a bhean chéile, Saidhbhín, Áras an Uachtaráin a oscailt don phobal ar Oíche Chultúir, Dé hAoine, 23 Meán Fómhair, 2022.

Bhí crannchur ann do thicéid d’Oíche Chultúir ag Áras an Uachtaráin agus tá na cuirí seolta chuig na buaiteoirí.

Tabharfar léargas do chuairteoirí ar stair theach chónaithe oifigiúil Uachtarán na hÉireann agus cuirfear taispeántas cultúrtha i láthair. Beidh Oíche Chultúir ag Áras an Uachtaráin ar siúl ó 6 i.n. go dtí 9 i.n. nó mar sin de.