TEACHTAIREACHT NA NOLLAG ÓN UACHTARÁN MÁIRE MHIC GHIOLLA ÍOSA
TEACHTAIREACHT NA NOLLAG ÓN UACHTARÁN MÁIRE MHIC GHIOLLA ÍOSA
Am ar leith é an Nollaig: am fá choinne teaghlaigh agus cairde, am teacht le chéile, am chun bronntanais agus dea-ghuíonna a thabhairt. Ag am seo na Nollag, mar sin, cuirim mo bheannacht chuig teaghlach na nGael sa bhaile agus thar lear – an teaghlach seo atá ag méadú i rith an ama – agus chuig cairde na hÉireann ar fud na cruinne.
Cuimhníonn muid um Nollaig ar an leanbh a rugadh i mBeithil fadó. Mhúin sé dúinn gurbh é an grá a dhéanfadh leas an chine daonna, agus d’iarr sé orainn grá a thaispeáint go fial dár gcomharsana. Is iomaí uair, san dá mhíle bliain ó tháinig an leanbh sin ar an saol, ar léir dúinn an t-uafás a lean an fuath nó an neamart féin. Fiú agus mé ag caint libh inniu tá na milliúin de dhaoine ar an domhan seo dá gcrá agus dá gcéasadh ag caismirtí, ag ocras agus ag galair. Tá Éireannaigh lárnach san fheachtas idirnáisiúnta in éadan na fulaingte.
Is inspéise agus is fiúntach é ár scéal féin, scéal na hÉireann, faoin dóigh ar thug muid droim láimhe don chruatan, don dearóile agus don easaontas. Tá toradh faoi dheireadh ar obair na ndaoine sin a bhí ag saothrú na síochána gan stad gan staonadh. Tá mé ag súil go bhfeicfidh muid gan mhoill an tús úr atá le fada an lá mar mhian agus mar dhúil ag muintir Thuaisceart Éireann. Tá cumas as cuimse nár baineadh áis as fós ag an dá phobal ar an oileán seo. An tsíocháin amháin a bhainfidh toradh as. Bímid ag guí go mbeidh deireadh luath leis an mhoill fhada.
I measc na mbronntanas a thig linn a bhronnadh ar dhaoine eile um Nollaig tá cúram ar na bóithre. Ní chosnaíonn sé pingin rua orainn, ach íoctar go daor as a uireasa, leis an bhrón, leis an bhriseadh agus leis an bhás féin. Iarraim ar gach uile dhuine agaibh, idir óg agus aosta, glacadh go dáiríre leis an dualgas pearsanta atá orainn chun na bóithre a choinneáil slán do chách. Ná milleadh an brón an Nollaig.
Is ann dóibh siúd a mbíonn an Nollaig dian orthu: daoine atá breoite, daoine a bhfuil buairt orthu nó a bhfuil bris ag goiliúint orthu, daoine atá leo féin. Guím go bhfaighidh na daoine seo sólás agus tacaíocht óna muintir agus óna bpobal.
Leis na gasúir agus na girseacha a bhí go maith an bhliain ar fad, deirim maith sibh; agus tá mé cinnte go mbeidh Santa iontach sásta libh. Gabhaim mo bhuíochas le gach duine a rinne iarracht fhónta chun an tír a neartú agus a dhéanamh fial agus fáiltiúil. Sibhse a choinníonn spiorad na Nollag beo i rith na bliana ar fad; sibhse a thaispeánann dúinn cumhacht an ghrá.
Guím Nollaig mhór mhaith agus bliain úr faoi shonas agus faoi shíocháin ar gach duine agaibh.
