Óráid ón Uachtarán Connolly ag Seoladh Éigse na Brídeoige
Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, 30 Eanair 2026
Dia daoibh, a chairde fileata, ealaíonta agus uaisle. Tá fíor-áthas orm a bheith i bhur gcomhluadar, i gCathair Dhónaill, ar ócáid sheolta Éigse na Brídeoige.
Tá clú agus cáil ar an bhféile seo ón uair a seoladh ar dtús í i 1993. Tuigim gurbh í Mary Robinson, ár gcéad Uachtarán baineann, a rinne an seoladh ar an bhféile sin agus go bhfuil an fhéile ag dul ó neart go neart ó shoin, a bhuíochas sin daoibhse, lucht eagraithe agus tacaíochta na féile.
Is léir gur ceannródaithe sibh sa leath-inis seo agus an Fhéile seo ar bun agaibh tríocha bliain sular bronnadh lá saoire poiblí dá cuid féin ar Naomh Bríd, ban-laoch ársa na tíre seo.
Is cúis mhisnigh, domsa, an chaoi a dtagann muintir shráidbhailte éagsúla Gaeltacht Uíbh Ráthaigh (Baile ’n Sceilg, An Gleann, An Chillín Liath, Cathair Dónall agus an Coireán) le chéile chun imeachtaí spéisiúla spreagúla a chur faoi bhráid an phobail áitiúil agus dar ndóigh, na cuairteoirí a thagann as chuile chearn chun sult agus scléip a bhaint as an deireadh seachtaine.
Is iontach an rud é freisin gur féile dhá-theangach í an fhéile seo mar go gcuireann sin spás cairdiúil mealltach ar fáil dóibh siúd ar mian leo blaiseadh den teanga a fháil ar bhealach neamhfhoirmiúil, spraíúil.
Is i dtreise a bhéas an Ghaeilge ag dul mar is mó féilte den gcineál seo a bhéas ar fáil.
Déanann sibh comóradh le linn na féile seo ar ghnéithe éagsúla de chuid cheantar Uíbh Ráthaigh agus is ar shaothar fhile de bhur gcuid féin, Paddy Bushe, ball de chuid Aosdána, atá sibh ag díriú i mbliana.
Tréaslaím le Paddy as ucht an onóir seo a bheith bronnta air. Onóir atá tuillte go maith agat, a Phaddy, ós rud é go n-eascraíonn go leor de do shaothair as tréithe an cheantair áirithe seo; an mhiotaseolaíocht, an stair, an tírdhreach, litríocht agus an béaloideas.
Is léir go bhfuil tuiscint ar leith agat ar an saibhreas ábhair atá mórthimpeall ort.
Tá toradh do chuid taighde agus staidéir le feiceáil sa méid atá curtha i gcló agus ar pár go fonnmhar agat le blianta anuas. Feicim go bhfuil dhá leabhar á seoladh agat an deireadh seachtaine seo, go n-éirí go geal leo.
Níl aon dabht ach go bhfuil tuilleadh le trá fós agat as tobar samhlaíochta Uíbh Ráthaigh.
Ní amháin go bhfuil go leor de do chuid comhghleacaithe, idir fhilí agus cheoltóirí aitheanta na tíre bailithe le chéile in ómós duit, ach beidh ceol nua-chumtha bunaithe ar do chuid filíochta á stáitsiú le linn na deireadh seachtaine comórtha freisin.
Comhghairdeas ó chroí leat, a Phaddy, ar an ócáid as cuimse seo, go fada buan tú.
Agus, comhghairdeas libhse ar fad a tháinig agus a tharraing le chéile chun an fhéile ómósach seo a thionóil.
Go mbeire sibh beo ar an am seo arís.
