Óráid ón Uachtarán Connolly ag Seoladh an Foclóir Gaeilge-Gaeilge
Ionad EPIC, 9 Nollaig 2025
A Chairde Uaisle, a lucht léinn,
a lucht labhartha agus a lucht foghlama, tá mé chomh sásta a bheith i bhur gcuideachta ag an ócáid stairiúil seo agus an chéad fhoclóir aonteangach Gaeilge á sheoladh go hoifigiúil. Tá sprioc thábhachtach agus spreagúil bainte amach i saol na Gaeilge leis an bhfoclóir seo agus gabhaim buíochas le Seán Ó Coinn, Príomh-Fheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, as ucht cuireadh a thabhairt dom chun an seoladh oifigiúil a dhéanamh.
Bhí mé ar bís ó chuala mé faoin togra ollmhór seo, ar bís go mbeadh a leithid d’uirlis ar fáil dúinn faoi dheireadh. Uirlis a thabharfaidh deis dúinn ár bhfiosracht faoin teanga agus ár bhfonn foghlama a shású ní le haistriúchán ach trí Ghaeilge amháin. Tá muid faoi chomaoin ag Pádraig Ó Mianáin, Eagarthóir Foclóireachta Fhoras na Gaeilge agus an fhoireann ar fad as ucht an méid oibre atá déanta acu chun an saothar seo a chur le chéile.
Nach orainne, is cuma líofa nó ag foghlaim muid, atá an t-ádh dearg go bhfuil an chéad chuid den saothar seo, foclóir ina dtugtar míniú an fhocail dúinn i nGaeilge, réitithe dúinn anois.
Agus, nach tráthúil gur anois le linn shéasúr na Nollag atá sé á sheoladh. Bronntanas don anam atá ocrach chun cur lena stór agus taisce focal! Agus, sin go díreach atá san fhoclóir seo, taisce ina bhfuil seoda luachmhara ár dteanga á mbailiú slán dúinne agus do na glúnta a bhéas ag teacht inár ndiaidh.
Caithfidh mé tréaslú leis an bhfoireann ar fad a rinne sár obair, le trí bliana anuas, ag bailiú na bhfocal agus á stóráil go cruinn. Is saothar é seo a bhéas a thionchar le sonrú ar feadh na mblianta. Saothar nach bhfuil ina thús mar go dtuigim go mbeifear ag leanúint leis an obair go dtí 2027.
Is céim mhór chun cinn i stair na teangan agus na tíre é an foclóir seo breis ‘s céad bliain ó foilsíodh
Foclóir an Duinnínigh i 1904 agus Foclóir Mór an Duinnínigh i 1927. Chuir Tomás de Bhaldraithe agus Niall Ó Dónaill go mór le saothar an Duinnínigh agus bíonn a gcuid foclóirí ar fad in úsáid mar aon le huirlisí foclóra eile ar líne (focloir.ie agus teanglann.ie) ag lucht na Gaeilge ar fud an domhain. Ach, go dtí seo, is foclóirí Gaeilge-Béarla nó Béarla-Gaeilge a bhí ar fáil.
Ceann de na rudaí is tábhachtaí, anois, ná go bhfuil athrú meoin iomlán le sonrú le seoladh an tsaothair seo. Go dtí seo, is trí lionsa an Bhéarla a bhí teacht againn ar mhíniú na bhfocal nár thuig muid.
Ach anois, a bhuíochas don éacht atá déanta agaibh, beidh muid ábalta míniú a fháil ar théarmaí Gaeilge nach tuigeann muid i bhfoclóir Gaeilge-Gaeilge anois agus gan a bheith á lorg níos mó i bhfoclóir Gaeilge-Béarla nó Béarla-Gaeilge.
Níl scríobh nó léamh ar chomh tábhachtach is atá an uirlis seo do dhuine cosúil liomsa, duine a tháinig ar ais chuig an nGaeilge mar dhuine fásta, duine nach bhfuil ag iarraidh aistriúchán ar fhocail ach ag lorg a mínithe i nGaeilge, i dteanga na bhfocal féin.
Cinnteoidh an foclóir seo go mbeidh dúil foghlama á chothú sa té a chuirfear faoi dhraíocht ag na féidearthachtaí atá á thairiscint sa saothar seo agus muid á dtabhairt ar thuras a chuirfidh lenár saibhreas agus tuiscint teangan.
Ceann de na rudaí is suntasaí faoin bhfoclóir seo nó go bhfuiltear tar éis na focail nua atá in úsáid ag Gaeilgeoirí a chur san áireamh ann.
Ní amháin focail a haistríodh go hoifigiúil mar nach raibh aon fhocal ann cheana féin, ach freisin focail a thagann ó ghnáth-chaint na ndaoine a chum a gcuid focal féin chun an bhearna a líonadh.
Is iad na focail nua seo a thugann le fios gur teanga bheo bheathach í an Ghaeilge. Teanga atá in úsáid ní amháin sa tír seo ach ar fud an domhain faoi mar atá léirithe leis an méid grúpaí comhrá atá ar bun i dtíortha éagsúla agus an méid tarraingt atá ar chúrsaí agus ranganna Gaeilge.
Is comhartha dóchais é an foclóir seo, dóchas go bhfuil borradh faoin nGaeilge, dóchas go bhfuil daoine ag iarraidh í a labhairt mar ghnáth-theanga laethúil. Dóchas go mairfidh sí i bhfad inár ndiaidh.
Is cúis áthais agus bróid dom an foclóir seo a sheoladh inniu.
Níl aon dabht ach go gcuirfidh sé go mór le caomhnú agus saibhriú na teangan. Tuigim go bhfuil cinneadh le déanamh fós faoin bhfoclóir a bheith ar fáil i bhfoirm chlóite. Tá dóchas agam go ndéanfar an cinneadh sin agus fiúntas an leabhair fhisiciúil á chur san aireamh; mar is leabhar draíochta agus draíochtúil é, leabhar ar cheart a bheith ar fáil i leabharlanna, i scoileanna, agus i bhfoirgnimh phoiblí ar fud na tíre,
agus sa mbaile acu siúd ar bhfearr leo an leabhar a bheith acu. Is mise duine acu siúd, duine gur bhreá liom an leabhar féin; leis an bhfios agus an tsaíocht ar fad atá idir na clúdaigh; a bheith le mo thaobh.
Tréaslaím, arís, libhse ar fad a bhí bainteach leis an saothar agus mar a dúirt mé, cheana, is bronntanas anama é domsa agus do Ghaeilgeoirí na tíre agus ar fud an domhain. Míle buíochas ó mo chroí libh.
