Óráid an Uachtaráin, Seoladh Tuarascála - Ár gCampas: Ár dTeanga
Ollscoil Mhá Nuad, 24 Márta 2026
A Chairde Uaisle, a lucht léinn agus teagaisc, is mór an onóir dom a bheith i bhur gcomhluadar ag an ócáid fíor-thábhachtach seo inniu.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le hUachtarán na hOllscoile, an tOllamh Eeva Leinonen, as ucht an chuiridh.
Mar is eol daoibh, is díol spéise í an Ghaeilge domsa go pearsanta agus mar sin thapaigh mé an deis a bheith i láthair ag seoladh na tuarascála seo Ár gCampas: Ár dTeanga.
Caithfidh mé comhghairdeas ó chroí a dhéanamh leis an Dochtúir Joe Simpson as a chuid dúthrachta agus an saothar tromchúiseach seo á chur i gcrích aige.
Tréaslaím, freisin, libhse ar fad a bhí rannpháirteach sa suirbhé a reáchtáladh mar chuid den tuarascáil chun léargas soiléir a fháil ar staid na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad agus chun féidearthachtaí don todhchaí mar champas dátheangach a shoiléiriú.
Déantar mionanailis sa tuarascáil faoi dhearcthaí éagsúla i leith na teanga agus ar leibhéal líofachta agus cumais lucht foirne agus mic léinn an choláiste araon.
Níos tábhachtaí fós, breathnaítear ar na heaspaí a chaithfear dul i ngleic leo chun go mbeidh an Ghaeilge aitheanta mar theanga bheo i ngach ngné de ghnáthshaol na hOllscoile agus nach fágtha in áit na leathphingine a bheidh sí.
Ar an drochuair, mar atá ráite agat, Joe, is minic a fhágtar an Ghaeilge ar lár nuair a bhíonn aird na hOllscoile nó aon institiúid dírithe ar thosaíochtaí eile.
Institutions play a vital role in this wider revival, and it is fitting that this research has emerged from Maynooth – an institution with a long and distinguished relationship with the Irish language.
More than two centuries have passed since a Chair of Irish was first appointed in St Patrick’s College in 1795. When Maynooth University was first established in 1997, it continued that proud tradition of scholarship, teaching and engagement with the language.
That history speaks not only to a sustained commitment to Irish as a subject of academic study, but also as a living part of the intellectual and cultural life of the university.
Bhí sé soiléir ón méid atá sa tuarascáil seo go bhfuil breis deiseanna cleachtaidh mar cheann de na riachtanais a chaithfear dul i ngleic leis chun go mbeidh daoine ábalta an Ghaeilge a úsáid go nádúrtha agus go heasca ina ngnáthshaol laethúil.
Ach, ní faoi hinstitiúidí nó eagraíochtaí amháin atá sé na deiseanna seo a chur ar fáil. Tá dualgas orainne ar fad, is cuma an cúpla focal atá againn nó muid iomlán líofa a bheith fáilteach rompu siúd ar mian leo an teanga a fhoghlaim nó feabhas a chur ar a gcumas féin.
Tá borradh faoin teanga faoi láthair agus tuiscint ann nach briathra leamha atá i gceist léi ach focail a chuireann ár stair, ár gcultúr, ár bhféiniúlacht agus saibhreas ár dtíre in iúl.
Níl an cholainn ábalta maireachtáil gan an fhuil a shruthlaíonn trína cuislí. Ar an gcaoi chéanna, ní féidir le tír dul i dtreise gan a teanga dúchais a bheith á labhairt, á scríobh, á léamh, á haithris, á canadh, á ceiliúradh agus dar ndóigh á foghlaim.
Is léir ón tuarascáil seo go bhfuil dea-thoil anseo san Ollscoil i leith na Gaeilge ach go bhfuil dúshláin phraiticiúla roimpi freisin.
Sin ráite, tá ábhar dóchais sna moltaí ar fad a d’eascair ón suirbhé a comhlíonadh. Moltaí, nuair a bheidh siad curtha i bhfeidhm, a rachaidh chun leas agus tairbhe na teanga.
Guím gach rath oraibh ar fad anseo, in Ollscoil Mhá Nuad, agus fís an dátheangachais á forbairt agaibh.
Go n-éirí an t-ádh libh.
Go raibh míle maith agaibh.
