Óráid an Uachtaráin, Muintearas ‘26
Óstán Chonnacht, Gaillimh, 3 Márta 2026
A mhúinteoirí, a dhaoine óga agus a chairde uaisle, is mór an onóir dom a bheith i bhur gcomhluadar inniu ag an ócáid fíor-thábhachtach agus spéisiúil seo.
Bhí mé thar a bheith sásta glacadh leis an gcuireadh a thug Gean Gilger dom thar ceann Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann, freastal a dhéanamh ar Muintearas ’26 anseo in Óstán Chonnacht.
Ba mhaith liom buíochas a chur in iúl dóibh (san ETBI) as ucht an méid atá déanta agus á dhéanamh acu chun cinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar ghnáth-theanga foghlama agus cumarsáide in iarbhunscoileanna ar fud na tíre seo.
Tá sé rí-thábhachtach go mbeadh an Ghaeilge in úsáid i ngach ngné den saol agus i gcúrsaí oideachais ach go háirithe.
Tuigim nach féidir ócáid mar seo a chur le chéile gan go leor ullmhúcháin agus mar sin, tréaslaím libhse ar fad, múinteoirí, tuismitheoirí agus lucht tacaíochta a thug cúnamh dóibh siúd ar fad a bhí rannpháirteach sna comórtais agus daoibhse a chur ceol agus siamsaíocht ar fáil dúinn inniu.
Is léir go bhfuil áthas oraibhse, freisin, a dhaoine óga, ócáid mar seo a bheith ar fáil daoibh agus deis a bheith agaibh bailiú le chéile ó bhur gcuid scoileanna agus ceantair éagsúla ar fud na tíre.
Is iontach an rud é go bhfuil an seans seo agaibh casadh le daoine óga eile agus na ceisteanna, imní agus dúshláin saoil atá ar bhur n-intinn a phlé go hoscailte le chéile, trí mheán na Gaeilge.
Ní féidir an iomarca béime a chur ar an tábhacht atá le spás díospóireachta sábháilte mar seo a bheith ar fáil do dhaoine óga, go háirithe nuair is téama na bliana seo ná Guthanna Óga sa Saol Nua.
Is léir go bhfuil neart scagadh déanta ar an téama seo ag na daoine óga atá anseo i láthair linn inniu. Tá sé soiléir, freisin, go bhfuil an Croí-Luach ETB: Meas mar chuid lárnach de imeachtaí an lae inniu.
Tugann sé dóchas agus misneach domsa, mar Uachtarán na hÉireann, go dtuigeann sibhse, a dhaoine óga, chomh tábhachtach is atá sé go mbeadh meas mar chuid bhunúsach d’aon idirghníomhaíocht daonna agus go mbeadh muid ar fad ábalta glacadh go measúil le tuairimí, cúlraí agus féiniúlachtaí éagsúla agus gurbh ón mbunchloch sin a fhásfaidh sochaí chineálta chneasta sa todhchaí. Sochaí a mhairfidh agus a rachaidh i dtreise le bhur gcuid rannpháirtíochta agus tuisceana.
Tá sé soiléir ón méid atá feicthe agus cloiste agam ó tháinig mé anseo inniu go bhfuil an halla seo lán de dhaoine óga spreagúla, lán de smaointe, de cheisteanna, d’fhéidearthachtaí agus de réitigh. Daoine óga atá oscailte do thuairimí a chéile.
Níl aon dabht, agamsa, ach go bhfuil síolta curtha inniu a chinnteoidh fás agus forbairt na tíre seo agus caomhnú na teanga sna blianta amach romhainn. Tá muinín agam asaibh, a dhaoine óga, coinnígí ag díospóireacht, coinnígí ag caint agus coinnígí ag éisteacht lena chéile.
Comhghairdeas ó chroí leis na buaiteoirí agus míle buíochas daoibh ar fad as ucht a bheith páirteach i dteacht le chéile an lae inniu.
Bainigí sult agus spraoi as an gcuid eile den lá.
Turas slán abhaile daoibh agus gach rath sna blianta amach romhaibh.
