Leabharlann na Meán

Óráidí

ÓRÁID AN UACHTARÁIN MÁIRE MHIC GHIOLLA ÍOSA COLÁISTE CHILLIAIN 2 DEIREADH FÓMHAIR, 2006

ÓRÁID AN UACHTARÁIN MÁIRE MHIC GHIOLLA ÍOSA COLÁISTE CHILLIAIN 2 DEIREADH FÓMHAIR, 2006

A chairde gaoil,

Ar dtús ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Joe Mac Suibhne, Príomhoide Choláiste Chilliain, as cuireadh a thabhairt dom bheith anseo libh inniu.  Mo bhuíochas libh ar fad fosta as fáilte chaoin Ghaelach a chur romham féin agus roimh mo chéile Máirtín chuig an scoil dara leibhéil lán-Ghaelach is mó sa tír. 

Muintir Chrónáin a bhunaigh an scoil seo sa bhliain naoi déag ochtó is a haon, agus tá sibh ag dul i neart ó shin.  Dar ndóigh is iad Muintir Chrónáin is cúis le go leor dá bhfuil Gaelach i gceantar Chluain Dolcáin, nó Dúiche Chrónáin mar a thugtar ar an dúiche sin in amanna. 

Is iomaí iardhalta cáiliúil atá agaibh anseo i gColáiste Chilliain, agus ina measc siúd áirím an cúigear iar-dhaltaí atá anois ag múineadh sa scoil.  Ní beag sin mar cháil!

Is iomaí éacht atá déanta agaibh anseo thar na blianta, agus déanaim comhghairdeas libh as na craobhacha contae agus craobhacha cúige atá buaite agaibh.  Tréaslaím go speisialta libh an dá bhua a bhí agaibh, dhá bhliain as a chéile, i gCraobh na hÉireann sa Díospóireacht.  Bhí mé féin ar fhoireann díospóireachta Choláiste San Doiminic i mBéal Feirste nuair a bhí mé seacht mbliana déag.  Níor bhuaigh muid Craobh na hÉireann riamh, ach bhuaigh muid rud i bhfad níos tábhachtaí:  bhuail muid foireann buachaillí Scoil Mhuire i mBéal Feirste – foireann a raibh Martin McAleese air.  Ó thaitin an bua sin go mór liom.

Chomh maith le daltaí iontacha, agus iardhaltaí iontachta agus múinteoirí iontacha agus bunaitheoirí iontacha, tá grúpa eile anseo agaibh a ndéanann gach duine acu cion beirte – sin iad bhur dtuismitheoirí, Cairde Chilliain.  Gan iad ba bhocht an áit í Coláiste Chilliain.  Gura fada buan sibh, a thuismitheoirí.

Is breá daoibhse atá óg agus beo beathach sa tréimhse seo i stair na hÉireann.  Ní raibh an tír riamh chomh rathúil ná chomh beoga.  Ach leis na deiseanna ar fad atá ar fáil daoibh sa lá atá inniu ann tá freagrachtaí ag dul leo.  Tá go leor cloiste agaibh faoi na cúramaí seo, ach b’fhéidir nach bhfuil go leor cloiste agaibh faoin chúram a chaithfidh sibh a thabhairt daoibh féin – an cúram atá tuillte agaibh mar scoláirí.  Ba mhaith le bhur múinteoirí, bhur dtuismitheoirí, agus muid ar fad sa tsochaí seo oiread tacaíochta agus is féidir a thabhairt daoibh chun bhur mianta saoil a chur i gcrích.

Tá a fhios agam go raibh sibh ar fad ag ullmhú go tréan don chuairt seo –  ag rith thart ag glanadh agus ag snasú.  Cúpla bliain ó shin thug mé cuairt ar an scoil a raibh Emma agus Sorcha, mo bheirt iníonacha, ann – Loreto on the Green.  Bhí an chuairt go hálainn agus bhí gach duine sásta leis.  Bhí muid ag ithe dinnéir sa bhaile an tráthnóna sin nuair a dúirt mé leis an bheirt acu gur bhain mé an-sult as an chuairt ar an scoil.  D’fhéach Emma orm go cliathánach agus dúirt:  “Is breá duitse.  Ní gá duit ach teacht amach as do charr mór i do chulaith álainn agus cúpla focal a rá.  Bhí muidinne ag sclábhaíocht le mí roimh ré.  Tá cuairt an Uachtaráin ar scoil níos measa ná cuairt do mhamaí ar do sheomra codlata.”

Bhuel, tá mo chúpla focal ráite agam agus tá mo charr mór ag fanacht.  Guím gach rath oraibh a mhuintir Choláiste Chilliain.

Go raibh maith agaibh.