Leabharlann na Meán

Óráidí

ÓRÁID AN UACHTARÁIN MÁIRE MHIC GHIOLLA ÍOSA ÁRAS RÓNÁIN, INIS MÓR, ÁRAINN, DÉARDAOIN, 1 IÚIL, 2004

ÓRÁID AN UACHTARÁIN MÁIRE MHIC GHIOLLA ÍOSA ÁRAS RÓNÁIN, INIS MÓR, ÁRAINN, DÉARDAOIN, 1 IÚIL, 2004

A cháirde,

Tá lúcháir orm a bheith anseo libh san ionad breá úr seo ar Inis Mór.   Ó Áras amháin to háras eile a tháinig mé inniu – ó Áras an Uachtaráin go hÁras Rónáin – agus tá mé thar a bheith sásta go bhfuil an chaoi agam roinnt ama a chaitheamh libh.  Tá an t-ionad seo, agus an suíomh a bhfuil sé tógtha air, go hálainn ar fad agus tá fhios agam go bhfuil sár-obair déanta ag Coiste Áras Rónaín.   Is mór an áis é do mhuintir an oileáin nach mbeidh orthu Árainn a fhágáil níos mó le dul isteach in ionaid altrachta ar an mhórthír.  Chuir sibhse fáilte mhór chroíúil romham ar ball agus fearaimse anois fáilte is fiche romhaibhse ar ais go dtí bhur mbaile dúchais, cuid mhór agaibh ar ais as Gaillimh agus duine amháin, creidim, an bealach ar fad abhaile as San Francisco.   Fáilte ar ais go hÉirinn.  Duine amháin a rinne cion laoich chun Áras mar seo a chur sa tsiúl ab ea Brigid Dirrane as Inis Oirr.  Sé an tua nach bhfuil sí linn inniu don oscailt seo.   Ar dheis Dé go raibh a hanam uasal.

Tá brí ar leith leis an téarma Ionad Altrachta Pobail nó tugann ionad mar seo seans do dhaoine fanacht le chéile mar phobal.   Is iomaí deoir a caoineach agus is mór an chaint a rinneadh sna blianta atá caite faoin aos óg arbh éigean dóibh an baile a fhágáil le dul ar imirce.  Ach ní chluintí mórán cainte fúthu siúd nach raibh chomh hóg agus a d’fhág an baile toisc nárbh fhéidir cúram a thabhairt dóibh san áit ar tógadh iad.   Tá na laethanta sin imithe anois ar Inis Mór, buíochas le Dia.

Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil le seanóirí na tíre seo agus ba mhaith liom iarracht a dhéanamh aitheantas cuí a thabhairt daoibh as an ról a bhí agaibh, agus atá agaibh i gcónaí, i bhforbairt agus i gcothú Éire an lae inniu – tír atá misiniúil agus rathúil, tír atá ag teacht i mbláth faoi shíocháin.

Is fior a rá nach mbeadh an rath ná an séan seo ar Éire an lae inniu murach dianobair agus íobairtí ár dtuismitheoirí agus ár seantuismitheoirí.   Iad sin a réitigh an bealach, iad sin a d’fhulaing an cruatan agus an dochma chun saol níos fearr a thabhairt dúinne.   Inniu agus muid ag ól as tobar as tsaibhis, cuimhníonn muid orthu siúd a thochail an foinse i dtús ama.

Ceann de na cúiseanna móra go dtig le muintir óg na tire seo dúshlán an domhain a thabhairt is ea an t-oideachas atá faighte acu – oideachas nach raibh ar chuid mhór de na glúnta a d’imigh rompu, oideachas ar bhreá leis na seanghlúnta é a fháil ach nach raibh an seans acu.  Ach mar sin féin, níor leasc leo é a fhágáil le huacht don dream óg.   Ta muid ar fad buíoch dár seanmhuintir ar sin.

Bhí sé de bhua agus de bheannacht orainn sa teach againn féin go raaibh athair mo chéile Martin ina chónaí linn ar feadh ocht mbliana déag, i ndiaidh dó éirí as obair nuair a fuair a bhean chéile bás.   Deir ár gcuid leanaí go raibh Granda Charlie mar a bheadh an tríú tuismitheoir ann.  Bhí cara agus compánach ar leith acu sa teach, seanchaí a bhí ábalta scéal an teaghlaigh a ríomh siar fríd na glúnta.  Ach bhí sé in ann run i bhfad níos tábhachtaí agus níos saibhre ná sin a thabhairt dóibh:  bhí sé ábalta agus sásta am a chaitheamh leo – é mar fhoinse eolais agus gaoise agus mar thaca dílis ag na leanaí, fiú in éadan a gcuid tuismitheoirí.  Níl thig luach a chur ar ionchur mar sin, agus ar an dóigh chéanna ní thig luach a chur ar a bhfuil déanta agaibhse ar son na tíre seo.

Le críoch a chur leis an chaint bheag seo ní thig liom rud níos fearr a dhéanamh ná feidhm a bhaint as na focail a scríobh file mór an oileáin seo, Máirtín Ó Direáin, mar chomhairle dúinn ar fad, sa dán álainn sin, Cranna Foirtil:

Luigh ar do chranna foirtil

I gcoinne mallmhuir is díthrá,

Coigil aithinne d’aislinge,

Scaradh léi is éag duit.

Go maire sibh, a cháirde, agus go bhfága Dia an tsláinte agaibh