Óráid an Uachtaráin Ciorcal Comhrá san Árais (SnaG 26)
Áras an Uachtaráin, 13 Márta 2026
A Chairde Uaisle, tá míle fáilte romhaibh go hÁras an Uachtaráin. Tréaslaím libh as an dua a chuir sibh oraibh féin taisteal ó chuile chuid den tír le teacht anseo inniu. Ní raibh sé éasca tar éis oíche chomh gaofar, fliuch; ach rinne sibh iarracht mhór agus tá fíor-áthas ormsa, mar Uachtarán na hÉireann sibh a fháiltiú chuig Ciorcal Comhrá agus Siamsaíochta an Árais mar chuid de Cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge 2026.
Tugadh cuireadh do bhaill ó chiorcail chomhrá ó cheantair éagsúla ar fud na tíre a bheith i láthair ag an ócáid seo inniu, agus thapaigh sibhse an deis, a chairde, teacht anseo ó chuile chearn den tír; ó thuaidh agus ó theas, anoir agus aniar. Rinne sibh sin, mar go dtuigeann sibh ó bheith páirteach i bhur gciorcail chomhrá féin chomh tábhachtach is atá sé a bheith ag labhairt, ag foghlaim agus ag cloisteáil na Gaeilge i gcomhluadar cairdiúil, fáilteach.
Tuigimse go maith, ó mo thaithí féin, na dúshláin a bhaineann le foghlaim agus feabhsú na teangan ach tuigim freisin na sceitimíní agus an sásamh anama agus croí a thagann as cur le do chuid líofachta. Is ceol í an Ghaeilge do mo chuid cluasa, ceol a chuireann stair agus saol ár sinsear in iúl. Ceol a shaibhríonn mo shaol chuile lá beo ó chuaigh mé i mbun a foghlama arís.
Thug mé geallúint, ar lá mo insealbhaithe mar Uachtarán na hÉireann, go ndéanfainn mo sheacht ndícheall an Ghaeilge a chur chun cinn ní amháin anseo san Áras ach ag chuile ócáid a fhreastlaím air. Déanfaidh mé sin, a chairde, faoi mar atá sibhse ag déanamh ar fud na tíre agus teanga álainn na nGael á húsáid go blasta, go bródúil, gan náire againn.
Tá na síolta curtha. Tá sé fúinne anois cinntiú go dtugtar deis dóibh siúd ar mian leo, an teanga a fhoghlaim, a fheabhsú nó cur lena gcuid líofachta. Bímis fáilteach, a chairde, tugaimis misneach agus muinín dá chéile. Ligimis don Ghaeilge bláthú.
Tá mise ag tnúth go mór le siamsaíocht an tráthnóna anois, bainígí sult agus tairbhe as.
