NÓTAÍ ÓRÁIDE DON UACHTARÁN MÁIRE MHIC GHIOLLA ÍOSA AR ÓCÁID A CUAIRTE AR GHAELSCOIL EOGHAIN
NÓTAÍ ÓRÁIDE DON UACHTARÁN MÁIRE MHIC GHIOLLA ÍOSA AR ÓCÁID A CUAIRTE AR GHAELSCOIL EOGHAIN UÍ THUAIRISC DÉARDAOIN
Dia daoibh. An bhfuil sibh go maith?
A leanaí, a mhúinteoirí agus a mhuintir Ghaelscoil Eoghain Uí Thuarisc, tá mé iontach sásta bheith anseo libh inniu. Tá lúcháir orm féin agus ar m’fhear céile, Máirtín, bheith i láthair ag an ocáid speisialta seo. Chuir sibh fáilte mhór Ghaelach romhainn. Go raibh míle maith agaibh as sin.
Bhí na múinteoirí ag rá liom gur sibhse na daltaí is fearr in Éirinn. An bhfuil sé sin fíor? Agus an bhfuil na múinteoirí is fearr in Éirinn i nGaelscoil Eoghain Uí Thuairisc? Is fiú daoibh a bheith deas leo, mar b’fhéidir nach dtabharfaidh siad aon obair bhaile daoibh anocht. Nach mbeadh sé sin deas? An gcuirfidh mé ceist orthu? A mhúinteoirí, an bhfuil cead ag na daltaí bheith saor ón obair bhaile anocht? Is lá speisialta é seo domsa agus daoibhse, a leanaí. Ní gach lá a thagann an t-Uachtarán ar cuairt.
Ba mhaith liom anois cúpla focal a rá leis na daoine fásta agus ar dtús ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Bríd de Róiste as an chuireadh a thug sí dom teacht anseo inniu chun ceiliúradh a dhéanamh libh. Tá sibh fiche bliain ar an saol, fiche bliain ag fás. Bhí fís réabhlóideach ag bunaitheoirí na scoile seo. Theastaigh uathu bunscoil lán-Ghaelach a bhunú, scoil a dhéanfadh freastal ar phobal na Gaeilge agus orthu siúd a bhí ag iarraidh oideachas lán-Ghaelach dá gcuid leanaí. Bhí spiorad ar leith sna ceannródaithe sin agus d’éirigh leo teacht i dtír ar a gcuid mianta. Comhghairdeas leis na bunaitheoirí agus le gach duine a raibh lámh nó páirt acu i mbunú agus i bhforbairt na scoile seo: bord bainistíochta, tuismitheoirí, agus go speisialta, sibhse a mhúinteoirí.
Sa bhliain 1982 fuair Eoghan Ó Tuairisc bás: file, drámadóir agus úrscéalaí. An bhliain chéanna ainmníodh an scoil seo ina onóir. Nuair a chluinim a ainm smaoiním ar na línte tosaigh den dán álainn sin: ‘Oíche Nollag’:
“Dá mbeadh mileoidean agamsa
Ní bheadh Críost gan cheol anocht
Is é ag teacht ó Áras Bán a fhlaitheasa
Chuig an máinséar bocht.”
Ní raibh gach rud a scríobh sé chomh simplí sin. Léigh mise ‘Aifreann na Marbh’ agus an leabhar breá sin ‘L’Attaque’ agus is féidir liom a rá go bhfuil siad deacair go leor!! Is féidir libh féin iad a léamh nuair a bheidh sibh mór. Nach breá daoibh go bhfuil ceangal agaibh le duine de mhór-scríbhneoirí na hÉireann. Bhí Eoghan dílis don Ghaeilge i gcónaí, a leanaí. An mbeidh sibhse i gcónaí dílis? An mbeidh sibh i gcónaí bródúil as an Ghaeilge? Maith sibh. Guím breithlá sona ar mhuintir na scoile seo.
Seo rud beag eile: Seo ceann de na rudaí is maith liomsa faoi bheith i m’Uachtarán. Tá cead agam lá saor a thabhairt do scoil nuair a thagaim ar cuairt. Ar mhaith libh lá saor? Go maith. Déanfaidh an príomhoide agus na múinteoirí an socrú faoi cén lá. An bhfuil sibh sásta? An bhfuil sibh chun ‘Go raibh maith agat’ a rá liom? Maith sibh. Go raibh míle maith agaibh féin agus lá breithe sona daoibh. Go maire sibh an céad.
