Leabharlann na Meán

Óráidí

NÓTAÍ ÓRÁIDE AN UACHTARÁIN MÁIRE MHIC GHIOLLA ÍOSA AR ÓCÁID CHEILIÚRTHA TRÍOCHA BLIAIN

NÓTAÍ ÓRÁIDE AN UACHTARÁIN MÁIRE MHIC GHIOLLA ÍOSA AR ÓCÁID CHEILIÚRTHA TRÍOCHA BLIAIN DE RAIDIÓ NA GAELTACHTA

A chairde,

Is mór an chúis lúcháire dom bheith anseo libh inniu le tríocha bliain de Raidió na Gaeltachta a cheiliúradh. Bunaíodh an stáisiún seo le seirbhís iomlán raidió a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus do lucht labhartha na Gaeilge ar fud na tíre. Ach is le toil agus dua, agus i ndeireadh an lae le cumhacht an phobail a bunaíodh é.

Bhí dlúth-bhaint ag Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta le bunú an stáisiúin seo. An pobal féin, pobal na Gaeltachta, a bhí ag agóid nach raibh meán cumarsáide acu lena gcultúr agus a bhféiniúlacht a chur in iúl agus a chur chun cinn. As an dírathú sin a bunaíodh fís, agus as an fhís sin a bunaíodh Raidió na Gaeltachta.

Sna blianta tosaigh ní chraoltaí ach cúpla uair an chloig gach tráthnóna, agus é sin sna ceantair Ghaeltachta amháin. Sa lá atá inniu ann craolann Raidió na Gaeltachta fiche a ceathair uair an chloig seacht lá na seachtaine, ní amháin ar fud na tíre ach ar fud na cruinne.

Tá meán-éisteacht de chéad go leith míle duine anois ann, agus é sin ag fás an t-am ar fad. I suirbhé a rinne an MRBI bliain ó shin thuill an stáisiún moladh mór as ardchaighdeán na gcláracha, as an tseirbhís nuachta, as an chlúdach a dhéantar ar imeachtaí áitiúla agus, dar ndóigh, as na cláracha ceoil.

Tá gradaim agus duaiseanna go leor bainte ag muintir Raidió na Gaeltachta thar na blianta: Gradaim Jacobs, Gradaim Oireachtais agus Gradaim ón Fhéile Cheilteach Scannán agus Teilifíse. Meallann an comórtas bliantúil ‘Réalta’ scoth na scríbhneoirí amhrán, agus níl Féile Ghaelach sa tír nach mbíonn An Ródaí ann, stiúideó taistil Raidió na Gaeltachta beo ar an aer, ar an láthair, le ceol agus craic.

Seachtó cúig bliain ó shin, ag ócáid oscailte 2RN, thagair mo réamhtheachtaí, Dubhglas de hÍde, do chomhábhair an chultúir: an teanga, an ceol, na hamhráin, na cluichí agus na nósanna. Mhol sé go mbeadh forbairt na ngréithe seo mar bhun-dualgas ag aon stáisiún raidió Éireannach. Tá mé cinnte go mbeadh an Craoibhín breá sásta inniu lena bhfuil bainte amach ag Raidió na Gaeltachta le tríocha bliain anuas.

Tá éacht déanta ag an stáisiún seo i dtaca leis an teanga féin, i gcaomhnú agus i mbuanú na gcanúintí. Ach tá a chion déanta fosta i bhforbairt na cumarsáide idir muintir na nGaeltachtaí éagsúla.

Is ar an stáisiún seo a chuala go leor de bhunadh na Gaeltachta canúint eile den chéad uair. Ar an stáisiún seo a chuala Muimhnigh na Gaoluinne agus Connachtaigh na Gaeilge mo leithéid d’Ultach ag caint ar dtús fá dtaobh den Ghaeilg.

Is léir go bhfuil Raidió na Gaeltachta ina nasc idir daoine ina gceantair féin agus idir daoine sna Gaeltachtaí éagsúla. Bhí an stáisiún mar áis i gcónaí ag daoine a bhí as baile, le go mbeadh teagmháil acu lena bhfód dúchais. Ach sa lá atá inniu ann is féidir le muintir na Gaeilge ar fud an domhain éisteacht leis an nuacht áitiúil ina gceantar féin beo ar an idirlíon; agus nach iontach an áis í sin.

Luaigh mé caomhnú agus buanú ar ball agus tá a leithéid iontach tábhachtach. Ach tá an tógáil tábhachtach fosta agus ní dhearnadh faillí air sin riamh. Ó thús rinne an stáisiún muintir na Gaeltachta a mhisniú agus a neartú mar phobal.

Déanaim comhghairdeas libh, a mhuintir Raidió na Gaeltachta, as scór go leith bliain de scoth-fhreastal ar éisteoirí na hÉireann, agus guím rath agus séan oraibh sna blianta atá romhainn amach.

Go raibh maith agaibh.