Leabharlann na Meán

Óráidí

NÓTAÍ CAINTE AN UACHTARÁIN SCOIL AN DUINÍNIGH 15 NOLLAIG 2006

NÓTAÍ CAINTE AN UACHTARÁIN SCOIL AN DUINÍNIGH 15 NOLLAIG 2006

A chairde uilig, tá an-áthas orm a bheith anseo libh inniu.  Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an bhord bainistíochta a thug an cuireadh dom teacht go Droighneán, agus ba mhaith liom fosta mo bhuíochas a ghabháil libh ar fad as ucht fáilte fíor-Ghaelach a chur romham féin agus roimh m’fhear céile Máirtín. 

Is fada an lá ó bhí an tAthair Pádraig Ó Duinnín ina chónaí sa cheantar inar bunaíodh an scoil seo – ceantar Phort Mearnóg go díreach.  Bhíodh sé ag dul isteach go lár na cathrach ar an traein gach lá le bheith ag obair ar an fhoclóir álainn sin a dtugann muid anois air Foclóir an Duinnínigh.  Nuair a bhí bunaitheoirí na scoile seo ag smaoineamh ar ainm don ghaelscoil úr ní raibh rud níos fearr a dhéanfaidís ná ainm an tsagairt léannta sin a úsáid.  Tháinig Scoil an Duinnínigh ar an saol.  Ní raibh ann ag an tús ach an Múinteoir Bríd agus seacht ndalta dhéag.  Anois tá ocht rang ann agus aon mhúinteoir déag.  Chomh maith leis sin tá an Ghaeilge agus gach uile ghné de chultúr na hÉireann suite go daingean i bpobal na scoile seo.

Tá sibh fiche bliain ar an saol – fiche bliain ag fás, mar a dúirt Muiris Ó Súilleabháin fadó – agus má’s fíor don nath sin beidh sibh ag caitheamh an chéad fiche bliain eile faoi bhláth.  Tá sibh sna fichidí anois agus tá sibh fásta suas!   Ní déagóirí sibh níos mó!  Is léir go bhfuil sibh ag craobhscaoileadh soiscéal na Gaeilge go héifeachtach, nó tá pobal breá Gaelach bunaithe agaibh thart ar an scoil, agus duine de na hiardhaltai anois ag teagasc libh. 

Leis an aibíocht náisiúnta atá anois ann tá pobal na hÉireann ag teacht ar an tuiscint go bhfuil níos mó sa Ghaeilge ná seandacht agus saibhreas, níos mó ná áilleacht na litríochta agus binneas na cainte, níos mó fiú ná teanga bheo chumarsáide.  Tuigeann muid anois go bhfuil beatha ann don anam cultúrtha.  Tá sé curtha go hálainn ag Cathal Ó Searcaigh:

Agus bíonn do bhriathra ina mblátha fáin

ag cumhrú an tí le bríomhaireacht.

Tigimse ag tóraíocht meala, lón anama,

a thaiscím i gcoirceog mo dháin.

Is léir go bhfuil níos mó tuismitheoirí ná mar a bhí riamh ag cur spéise sa Ghaeilge mar theanga labhartha.  Ba mhaith leo go mbeadh a gcuid páistí ábalta a dteanga féin a labhairt, cuid mhór acu toisc nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu féin.  Tá an mhian agus an dúil sin mar bhunchloch ag gluaiseacht na Gaelscolaíochta.  Mar léiriú ar an ráchairt sin tá tríocha trí míle dalta anois ag fáil oideachais trí Ghaeilge taobh amuigh de Ghaeltachtaí na hÉireann, agus an líon sin ag dul i méid in aghaidh na bliana.  Ach cén fáth gur mhaith le tuismitheoirí an lae inniu an Ghaeilge a bheith ag a gclanna?  Bhuel chomh maith leis an bheatha chultúrtha a bhí i gceist ag Cathal Ó Searcaigh sílim go mbaineann sé le féiniúlacht.  Níl bealach níos fearr le feiniúlacht chultúrtha agus phobail a chur in iúl, dar liom, ná do theanga féin a bheith agat.  Mar a dúirt an Piarsach beagnach céad bliain ó shin: “Tír gan teanga tír gan anam.”  De réir mar a fheicim anseo inniu ní baol d’anam na hÉireann.

Tá daltaí Scoil an Duinnínigh ag fáil scoth an oideachais, agus leis an bhéim atá ar na healaíona sa scoil seo tá traidisiúin chultúrtha na tíre slán sábháilte sa cheantar seo go ceann tamaill fada eile.  Is minic a léimid sna nuachtáin go bhfuil Éire ar bharr liosta idirnáisiúnta fá choinne droch-rudaí.  B’fhearr liom go mór go bhfaighimis aitheantas idirnáisiúnta don obair iontach atá ar siúl i scoileanna ar nós Scoil an Duinnínigh, mar is cinnte go bhfuil a leithéid d’aitheantas tuillte agaibh.  Comhghairdeas leis na daltaí, leis na múinteoirí agus leis na tuismitheoirí.

Bhí áthas an domhain orm nuair a chuala mé go raibh cead faighte ag an bhord foirgneamh nua a thógáil – foirgneamh mór le haghaidh sé rang déag.  Sin isteach is amach ar cheithre chéad dalta ón cheantar seo ag foghlaim na Gaeilge agus ag foghlaim gach ábhair sa scoil trí Ghaeilge.  Nach iontach an rud é sin. 

Mo mhíle buíochas libh arís as bhur gcineáltas agus mo mhíle comhghairdeas libh as an obair iontach atá ar siúl anseo i Scoil an Duinnínigh.  Tá mé cinnte nach miste le Cathal Ó Searcaigh mé ag déanamh ath-inse ar cheann eile dá chuid dánta.  Sílim go bhfuil sé fóirsteanach don ócáid seo:

Anseo tá seanteallach foscailte an chineáltais

agus tinidh chroíúil na fáilte;

Abhus tá teangaidh shólásach ina chógas leighis

le léim a chur arís i bhur sláinte.

Go maire sibh an céad, a phobail Scoil an Duinnínigh.