Leabharlann na Meán

Óráidí

NÓTAÍ CAINTE AN UACHTARÁIN OSCAILT OIFIG CHOIMISINÉIR NA DTEANGACHA OIFIGIÚLA AN SPIDÉAL

NÓTAÍ CAINTE AN UACHTARÁIN OSCAILT OIFIG CHOIMISINÉIR NA DTEANGACHA OIFIGIÚLA AN SPIDÉAL, 13 MEÁN FÓMHAIR 2005.

A chairde,

Tá lúcháir mhór orm bheith anseo libh inniu agus ba mhaith liom, i dtús báire, comhghairdeas a dhéanamh leis an Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, agus buíochas a ghabháil leis as cuireadh a thabhairt dom an oifig seo a oscailt. 

Is ormsa, mar Uachtarán, a thit sé an Coimisinéir Teanga a cheapadh, ar chomhairle an Rialtais.  Ar an tríú lá is fiche Feabhra anuraidh d’fhág Sean Ó Cuirreáin Áras an Uachtaráin, agus é úr-cheaptha mar an chéad Choimisinéir Teanga riamh sa tír seo.  Tá sé tráthúil, mar sin, go bhfuil mé anseo libh, bliain go leith ina dhiaidh sin, chun aitheantas a thabhairt don obair mhór atá curtha i gcrích ó shin: tá Oifig an Choimisinéara bunaithe agus foireann ceaptha; tá an chéad tuarascáil bhliantúil foilsithe; tá saothar agus tionchar na hoifige seo i mbéal phobal na Gaeilge; agus anois tá an chóiríocht seo le hoscailt go hoifigiúil. 

Is oifig iomlán neamhspleách í Oifig an Choimisinéara Teanga.  Tá Seán Ó Cuirreáin agus a fhoireann anseo le cinntiú go bhfuil oifigí poiblí an Stáit ag cloí lena ndualgais maidir le seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil don phobal.  Féachann siad chuige, fosta, go gcuirtear comhairle ar an phobal mar gheall ar a gcearta teanga, agus ar a leithéidí oifigí stáit maidir lena ndualgais teanga. 

Baineann na dualgais agus na cearta seo ar fad le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, acht a shínigh mé mar chuid de dhlí na hÉireann sa bhliain dhá mhíle is a trí.  Cuireann an tAcht seo struchtúr ar fáil sa dóigh go gcuirfidh eagraíochtaí stáit  méadú ar líon agus ar chaighdeán a gcuid seirbhísí trí Ghaeilge.  Go praiticiúil, feidhmíonn an Coimisinéir Teanga mar ombudsman maidir le seirbhísí trí Ghaeilge, le cinntiú go bhfuil cothrom na féinne le fáil ag an chuid sin den phobal ar mian leo an chéad teanga náisiúnta a úsáid agus iad ag plé leis an Státchoras.

Na leanaí a bhí lasmuigh anseo inniu ó Scoil Náisiúnta an Spidéil, is iad sin dóchas agus todhchaí na Gaeilge.  Is beag atá a fhios acu sin go fóill faoin Státchóras nó faoi achtanna teanga – buíochas do Dhia!  Fuair mórán acu an teanga ón chliabhán, óna muintir féin a fuair a gcuid Gaeilge bhinn bhlasta óna muintir féin roimhe sin.  Tháinig sí aníos ó ghlúin go glúin, gan bhriseadh gan bhearna. 

Tá a fhios againn uilig go bhfuil na Gaeltachtaí faoi bhrú, go bhfuil siad dá gcúngú go mór le tamall anuas, go bhfuil siad ag teacht faoi anáil an Bhéarla níos mó ná mar a tháinig riamh roimhe seo.  Ach ní inniu ná inné a thosaigh daoine ag tuar bhás na Gaeilge agus an chultúir.  Sa seachtú haois déag bhí an file clúiteach Dáibhí Ó Bruadair ag caoineadh mheath na litríochta agus é cinnte nach raibh ach an t-éag i ndán don “séad rúnda”, mar a thug sé ar an Ghaeilge:

    D’aithle na bhfileadh dár ionnmhas éigse is iúl

    Is mairg de-chonnairc an chinneamháin d’éirigh dhúinn:

    A leabhair ag titim i leimhe ’s i léithe i gcúil

    ’S ag macaibh na droinge gan siolla dá séadaibh rún.

Ach ina aineoinn sin uilig, is í teanga s’againne an teanga scríofa is sine san Eoraip atá fós á labhairt mar theanga bheo phobail.  “Beatha teanga á labhairt” a deirtear, agus tá fírinne sa seanfhocal.  Ach todhchaí teanga dea-thoil an phobail, agus níl amhras ar bith ann ach go bhfuil dearcadh dearfach i leith na Gaeilge ag mórán de phobal na tíre sa lá atá inniu ann. Murab ionann agus glúin ó shin, tá sé “cool” anois a bheith ábalta tú féin a chur in iúl trí Ghaeilge.

Agus, ar ndóigh, tá daonra na tíre ag athrú le blianta beaga anuas.  Tá méadú suntasach tagtha ar líon na n-imirceach inár measc.  Tá na teangacha úra agus na gnéithe cultúir nua ag saibhriú agus ag bláthú ár gcultúir féin.  Tá muid ag éirí níos ilchultúrthaí agus níos ilteangaí in aghaidh na bliana.  Is cóir go mba chúis cheiliúrtha é sin – go háirithe nuair a chuidíonn sé linn meas a chothú ar ár dteanga féin.

Caithfidh muidinne, mar phobal Gaeilge, deileáil leis na tionchair úra seo ar fad.  Deir daoine nach miste don Ghaeilge dul i ngleic le saol an aonú haois is fiche, ach tá sé sin ag tarlú i ngan fhios dúinn.  Tá an ceart ar fad ag Cathal Ó Searcaigh ina dhán, Trasnú:

Ó tá muid ag fí ár dtodhchaí as ár ndúchas

ag Mc Geeáil ár mbréidín brocach buí

Ag Leviáil ár mbrístí de chorda an rí

Ó tá muid ag fí ár dtodhchaí as ár ndúchas.

Tá muid ar strae áit inteacht

idir Cath Chionn tSáile is an Chinese Takeaway

Tá snáithe ár scéil in aimhréidh

idir Túirne Mháire agus Fruit of the Loom...

Tá muid báirín breacach

agus pina colada cheesecakeach;

Tá muid rince seiteach

agus hócaí pócaí cairíocaíach.

Tá muid ag fí ár dtodhchaí as ár ndúchas

ag Mc Geeáil ár mbréidín brocach buí

ag Leviáil ár mbrístí de chorda an rí

Ó tá muid ag fí ár dtodhchaí as ár ndúchas.

Is le gach aicme agus le gach grúpa de phobal na tíre seo an Ghaeilge – iad siúd sa Gaeltacht agus lasmuigh de, muintir na mbailte móra agus muintir na tuaithe, sliocht na n-imirceach agus an pobal sean-bhunaithe.  Tá moladh nach beag ag dul do mhuintir RTÉ Raidió na Gaeltachta, do TG4, agus do go leor eile, as an teanga a dhéanamh pleisiúrtha agus tarraingteach don aos óg.  Scéala dóchais eile don teanga is ea fás mór agus forbairt na nGaelscoileanna.  Feiceann muid agus cluineann muid anois daoine óga fuinniúla, bríomhara, daoine a bhíonn lán de mhuinín iontu féin, daoine a bhíonn sásta dúshlán an tsaoil a thabhairt, ag labhairt seanteanga a sinsear le blas úraoiseach agus le compord.   

Tá sé de cheart ag na daoine seo, agus ag an uile dhuine sa tír, leas a bhaint as an Ghaeilge agus iad ad déileáil le hoifig ar bith sa Státchóras.  Sin an fáth go bhfuil sibhse anseo, a mhuintir na hOifige seo.  Nach ait an rud é, i ndiaidh domhsa bheith chomh deas sin leis an fhear, go mbeidh Seán Ó Cuirreáin agus a fhoireann anois ag faire go géar ormsa agus ar Oifig an Uachtaráin le cinntiú nach gcuireann muid cos as alt!  Sin buíochas duit!

Mo mhíle comhghairdeas leat féin, a Sheáin, agus le d’fhoireann, as a bhfuil déanta agaibh go dtí seo.  Fógraím anois Oifig an Choimisinéara Teanga oscailte go hoifigiúil.  Guím gach rath ar obair na hoifige sa todhchaí agus guím sláinte agus séan oraibhse a bheas ag obair ann. 

Go raibh míle maith agaibh.