NÓTAÍ CAINTE AN UACHTARÁIN AG OIREACHTAS NA GAEILGE I GCORCAIGH DÉ CÉADAOIN 29 DEIREADH FÓMHAIR 2008
NÓTAÍ CAINTE AN UACHTARÁIN AG OIREACHTAS NA GAEILGE I GCORCAIGH DÉ CÉADAOIN 29 DEIREADH FÓMHAIR 2008
A chairde,
Is mór an lúcháir atá orm a bheith anseo libh anocht i gCorcaigh ag Oireachtas na Gaeilge dhá mhíle is a hocht. Tréaslaím a uachtaránacht ar an fhéile seo le Donnchadh Ó hAodha agus gabhaim buíochas le Pádraig Mac Fhearghusa, cathaoirleach an choiste náisiúnta, agus le Peadar Ó Riada, cathoirleach an choiste áitiúil, as cuireadh a thabhairt dom Mór-Fhéile seo na Gaeilge a oscailt go hoifigiúil.
I mbliana tá an t-Oireachtas ar ais i gCorcaigh - príomhchathair na Mumhan. Is dócha go bhfuil go leor daoine anseo a déarfadh gurb í Corcaigh fíor phríomhchathair na tíre! Ach cibé faoi sin, is mór an t-aitheantas é don chathair agus do mhuintir na Gaeilge i gCorcaigh go bhfuil an t-Oireachtas agaibh arís don darna huair i gceithre bliana.
Bunaíodh Oireachtas na Gaeilge sa bhliain míle ocht gcéad nócha is a seacht – aon chéad agus aon bhliain déag ó shin. Ócáid aon lae amháin a bhí ann i Seomra Cruinn an Rotunda i mBaile Átha Cliath. Ghlac céad is a dó iomaitheoir páirt sna comórtais agus bhí breis agus míle duine i láthair, rud a thug an-mhisneach don lucht eagraithe. Ón chéad lá riamh cuireadh béim ar leith ar ghnéithe sóisialta agus siamsaíochta. Deis iontach a bhí ann do lucht na Gaeilge agus do na foghlaimeoirí aithne a chur ar a chéile agus sult a bhaint as an chultúr ag an leibhéal is airde.
Ba é Dúbhglas de hÍde, duine eile a chaith seal in Áras an Uachtaráin, a thug Óráid na hOscailte ar an lá sin. Dúirt sé
“ Táimid ag bualadh buille láidir ar son na hÉireann anocht, buille níos láidre ná do shilfeá ar dtús, óir táimid ag taispeáint don domhan mhór go bhfuil an tsean-Éire, Éire na Gaeilge, beo ann go fóill, agus táimid ag dul i mbannaí go mbeidh sí beo ann go brách.”
Bhuel is léir go raibh éifeacht ag an bhuille sin a bhuail an Craoibhín Aoibhinn ag tús an chéad Oireachtais, nó tá Éire na Gaeilge beo go fóill, beo beathach i mórán bealaí, agus tá cuid mhór den bhuíochas ag dul do leithéidí Fhéile an Oireachtais.
Cuireadh tús le Taispeántas Ealaíne an Oireachtais i míle naoi gcéad agus a cúig agus bhí sé ar an taispeántas ealaíne ba mhó sa tír leis na blianta fada. Tháinig borradh mór faoi scríbhneoireacht na Gaeilge de bharr na ndeiseanna liteartha a chuir an tOireachtas ar bun. Tháinig rath ar na healaíona traidisiúnta trí mheán na Gaeilge fosta siocair an t-ardán a chruthaigh an tOireachtas dóibh.
Ní hé nach raibh drochbhlianta ag an Oireachtas – bhí tréimhse ann roimh an Dara Cogadh Domhanda nár reáchtáladh féile ar bith. Ach mhair sé fríd sin, agus maireann sé fós. Tá athruithe móra tagtha ar an saol ó na laethanta sin fadó. Scaipeadh scéal an Oireachtais ar phobal níos leithne nuair a bunaíodh RTÉ Raidió na Gaeltachta agus nuair a thosaigh siad ar ócáidí an Oireachtais a chraoladh ar fud na tire. Tá curtha go mór le cáil an Oireachtais ag TG4 ó tháinig siad ar an fhód dhá bhliain déag ó shin. Inár gcuideachta fosta an tseachtain seo beidh lucht teilifíse agus raidió an BBC, ionadaithe ó Foinse agus Lá Nua agus beidh Aifreann an Oireachtais le feiceáil ar RTÉ a hAon Dé Domhnaigh seo chugainn.
Is léir nach raibh eagla ná drogall ar lucht eagraithe an Oireachtais an fhéile a athmhúnlú mar ba ghá. Cuid den athmhúnlú sin is ea, gan dabht, an tarraingt atá anois ag an Oireachtas do dhaoine óga. Deirtear liom, go húdarásach, go bhfuil meánaois na ndaoine a thagann chuig an Oireachtas anois go maith faoi bhun na meánaoise. An bhfuil sé sin fíor? Bhuel, tá an chuma sin oraibh. Tá Scléip na hÓige faoi lánseol anocht agus idir seo agus an Domhnach beidh croí an Oireachtais ag preabadh le cuisle atá óg, anamúil, bríomhar agus bródúil. Is minic a bhím ag caint in óráidí, sa bhaile agus i gcéin, faoi chultúr na hÉireann agus faoina thodhchaí, agus is mion minic a luaim Oireachtas na Gaeilge mar eiseamláir. Anseo a chluintear daoine óga fuinniúla, bríomhara, daoine atá lán de mhuinín, ag labhairt seanteanga a sinsear le blas úraoiseach agus le compord. Nach álainn é!
Féile chultúrtha a mheallann daoine óga ina mílte agus ina mórán mílte, tá sí le moladh go hard, agus tá lucht a heagraithe le moladh go hard. Mar sin, déanaim comhghairdeas leo siúd ar fad a d’oibrigh go dian leis an fhéile a phleanáil agus a reáchtáil. Ba mhaith liom comhghairdeas speisialta a dhéanamh le foireann an Oireachtais: leis an Stiúrthóir Liam Ó Maolaodha, an Riarthóir Máirín Nic Dhonnchadha agus na hoifigigh Emer de Barra agus Loretta Ní Churraighín. Tá éacht déanta ag an fhoireann bheag seo agus is cinnte go mbeadh An Craoibhín féin thar a bheith sásta leo agus thar a bheith bródúil as a bhfuil bainte amach acu. I gclár Oireachtas na bliana mile naoi gcéad tríocha is a naoi dúirt Dúbhglas de hÍde an méid seo:
“Béarfaidh tabhairt amach na seachtaine seo, le cúnamh Dé, bua ar gach Oireachtas do bhí ann riamh”
Guímse an rath céanna oraibh anocht a mhuintir Oireachtas na Gaeilge. Go raibh maith agaibh.
