Leabharlann na Meán

Óráidí

Inaugural Speech by President Michael D. Higgins

St. Patrick’s Hall, Dublin Castle, 11 November, 2018

Aitheasc Insealbhaithe
ón 

Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn,
Halla Naomh Pádraig, Caisleán Bhaile Átha Cliath

Dé Domhnaigh, 11 Samhain 2018


Níl aon onóir níos mó ná a bheith tofa mar Uachtarán na hÉireann. Tuigim an cúram atá bronnta orm agus glacaim leis go humhal ach le díograis. Seacht mbliain ó shin gheall mé mo lándícheall a dhéanamh ar son leasa is fónaimh mhuintir na hÉireann. Rinne mé iarracht sin a dhéanamh i gcóiríocht uile. 

Inniu glacaim leis na dualgais arís ach leis an bhfuinneamh agus leis an eolas breise atá faighte agam ón tseirbhís atá tugtha agam mar Uachtarán. Gabhaim buíochas mór libh, muintir na hÉireann uile, agus is mór a chabhróidh sé liom, gach lá is oíche, sna blianta atá le teacht, an tacaíocht atá tugtha agaibh cheana dom fhéin agus Saidhbhín ó ar fud na tíre.

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh libhse, muintir na hÉireann, as an onóir atá tugtha agaibh arís dom, onóir a nglacaim leis go fonnmhar leis an bhfuinneamh intinne agus croí a theastaíonn don iontaoibh atá leagtha ag bhur mandáid orm. Is mian liom buíochas ó chroí a ghlacadh leo siúd ar fad, ó na páirtithe polaitiúla, na traidisiúin, na gluaiseachtaí sochaí sibhialta agus na pobail éagsúla lena mbaineann siad, a thacaigh le m’ainmniúchán, a chuaigh i mbun feachtasaíochta ar mo shon, agus go háirithe iad siúd a chuir stampa a gcuid luachanna ar fheachtas ar mo shon a bhí ionchuimsitheach, cruthaitheach agus údarach. Is mór an spreagadh a thug agus a thabharfaidh bhur gcuid tacaíochta dom. 

Dhearbhaigh mé go mbeinn i m’Uachtarán do mhuintir na hÉireann uile, pé áit agus pé cúinsí ina bhfuil siad, iad siúd a bhí i measc mo lucht tacaíochta chomh maith leo siúd nach raibh.  Táim i ndáiríre nuair a deirim is mian liom bheith i m’Uachtarán don phobal uile.

Le linn an toghcháin, agus fís á cur chun cinn agam do na seacht mbliana seo amach romhainn, dúirt mé gurbh ionann fíorphoblacht agus ár saol a chaitheamh i gcomhar, ar saol é ina mbeidh tiomantas don chomhionannas, do phobail láidre inbhuanaithe, do chomhroinnt na staire agus do mhúnlú na todhchaí in éineacht le chéile; agus aitheantas á thabhairt dár gcuid leochaileachta, agus leas á bhaint againn as ár gcumais mar dhaoine aonaracha agus mar ghrúpaí. 

Beidh baint againn go léir le fíorú na físe sin. Is fís í ar thug sibh mandáid ollmhór ina leith. Le linn na seacht mbliana seo amach romhainn, iarrfar orainn tascanna intinne agus cleachtais a chur i gcrích, ar tascanna iad a éileoidh luachanna comhroinnte a dhearbhú, agus athrú iomlán a dhéanamh ar bhuntuiscintí, ar chleachtas agus ar institiúidí, má táimid chun aghaidh mar is ceart a thabhairt ar na dúshláin atá amach romhainn agus ár gcumas i bpáirt a bhaint amach.

Chun an méid sin a chur i gcrích, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbainfí amach fíor-rannpháirtíocht agus go mbeadh an rannpháirtíocht sin bunaithe ar chomhionannas agus ar chumasú. Éilíonn an méid sin go dtabharfar gealltanas láidir go gcuirfear ar leataobh na constaicí iomadúla atá sa bhealach ar an rannpháirtíocht; go ndéanfar an móiminteam agus an t-éileamh i dtaca le comhionannas, athrú dearfach agus inbhuanaitheacht a aithint, a neartú agus go dtacófar leo, agus an móiminteam sin faoi lán seoil cheana féin inár bpobail. 

Ní féidir linn bheith ar nós cuma liom faoin mbealach a bhfuilimid ag maireachtáil agus ag pleanáil don todhchaí ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta, Eorpach nó domhanda. Tá an éagothroime ag dul i dtreis agus níl an tseasmhacht riachtanach a bhaineann le tithíocht shásúil, dídean, sláinte agus oideachas ag cuid mhaith dár muintir. Dá mbeadh seasmhacht agus tacaíochtaí den chineál sin acu, bheadh ar a gcumas a gcearta a bhaint amach agus bheith rannpháirteach ar bhonn cothrom. 

Tá i bhfad níos mó i gceist le hathrú a chur ar an mbealach a dtéann ár gcuid institiúidí i mbun caidrimh le saoránaigh ná an idirbheartaíocht a tharlaíonn nuair a bhíonn acmhainní atá gann á leithdháileadh. Baineann sé le meas a léiriú ar gach duine, aitheantas a thabhairt don luach bunúsach a bhaineann leo féin agus lena bhfuil le tairiscint acu, pé ar bith bealach a léirítear é sin.  

Is gá athmheasúnú leanúnach a dhéanamh ar pholasaí i ngach réimse dár saol i dtaca le cuspóir, cleachtas agus rannpháirtíocht. Ní fhéadfar a mheas gur gá go mbeadh na socruithe institiúideacha agus an dioscúrsa a bhain le haois atá imithe buan nó do-athraithe.  Caithfear breithniú a dhéanamh ar chomh sásúil agus chomh hoiriúnach agus atá siad chun dul i ngleic le cúinsí nua, aislingí nua agus ábhair imní nua.

Ag am nuair is rómhinic a dhéantar an bonn a bhaint ón dioscúrsa daonlathach nó é a lagú, ní mór go nglacfaimis mar rogha an daonlathas a leathnú agus a dhoimhniú ar bhealach gníomhach, agus é a léiriú ar bhealaí níos leithne agus ar bhealaí nua. Ní mór dúinn rannpháirtíocht níos fearr, níos suntasaí agus níos cothroime, a spreagadh agus a sholáthar maidir le múnlú, déanamh agus glacadh cinntí. 

Chun freagairt go sásúil dár gcúinsí nua, ní mór dúinn bheith toilteanach glacadh le hiolrachas smaointe agus nuálaíocht a chuireann ionchuimsitheacht chun cinn agus atá sásta glacadh le struchtúir agus le smaointe nua a chleachtadh, tacú léi agus í a bhaint amach. 

Baineann tábhacht le smaointe agus is féidir linn a fheiceáil ón stair go raibh agus go bhfuil an frithintleachtúlachas mar arm ag fórsaí tiarnasacha agus ag fórsaí frithdhaonlathacha i mórán codanna den domhan leochaileach seo atá á roinnt againn le chéile

Ba rómhinic a tionscnaíodh smaointeoireacht fhadtéarmach, ach ansin gur tarraingíodh na cosa thairsti nó gur tugadh droim láimhe di, nuair a bhíothas ag dul i ngleic le brúnna gearrthéarmacha. Ba rómhinic a ligeadh don phlé tábhachtach faoi cheisteanna amhail urlár sóisialta, an tsuntasacht a bhaineann leis an réigiúnachas, an tábhacht a bhaineann leis an gcultúr sa chumarsáid, dul i léig agus mar thoradh air sin chaill ár muintir féin agus saoránaigh na hEorpa deiseanna rannpháirtíochta agus comhtháthaithe. 

Tá orainn dul i ngleic le mórán dúshlán nach bhfuil srianta ag teorainneacha, a bhfuil comhoibriú ar leibhéal domhanda riachtanach ina leith agus ar dúshláin iad a théann i gcion ar shaol gach duine i ngach limistéar áitiúil agus ar féidir le saol gach duine i ngach limistéar áitiúil dul i gcion orthusan freisin.

Ní hamháin go bhfuil bithéagsúlacht an domhain seo againne faoi bhagairt nach níl aon mhaolú déanta fós againn ar luas an léirscriosta. Tá foréigean in aghaidh na mban ar siúl inár measc agus ní mór deireadh a chur leis. Ní mór dúinn aghaidh a thabhairt ar aon leithscéalta a dhéantar chun a gcearta dolaghdaithe a cheilt ar mhná agus cur ina gcoinne, agus ná déanaimis dearmad gur mná iad formhór na ndaoine ar an domhan seo. Tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt do chearta agus do chultúr na bpobal dúchasach. Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh sé de shaoirse ag gach duine a ngnéasacht, a n-inscne nó a gcaidreamh a léiriú.

Féadfaidh an eolaíocht agus an teicneolaíocht ról cumhachtach a ghlacadh i gcuid de na dúshláin dhomhanda atá amach romhainn, ach ní mór go n-úsáidfí iad ar bhealach atá cuntasach agus freagrach. Mar shampla, caithfimid deireadh a chur leis an ngorta ar fud an domhain, ach é sin a dhéanamh anois ar bhealach a shásaíonn éilimh na hinbhuanaitheachta. 
Tá fís pholaitiúil, crógacht agus flaithiúlacht de dhíth chun an comhrá nua práinneach domhanda a dhéanamh, agus ní mór dúinn tabhairt faoin ngealltanas agus faoin ngníomh sin i gcomhar. 

Is ea go deimhin, tá an dá mhórléiriú ar an imní chomhroinnte atá léirithe i gComhaontú Pháras – Comhaontú de chuid na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, agus i gComhaontú Nua-Eabhrac – Comhaontú de chuid na Náisiún Aontaithe ar Fhorbairt Inbhuanaithe – ar comhaontuithe iad a raibh tionchar an-suntasach ag taidhleoirí na hÉireann orthu – mar ábhar faoisimh againn ach is í fírinne an scéil anois go bhfuil cuid de na náisiúin a thug na gealltanais sin ag tabhairt droim láimhe dóibh. 

Ní féidir neamhshuim a dhéanamh de na ceisteanna a ardaíonn sé sin maidir leis an gceartas ó ghlúin go glúin. Is gá dúinn tosú ag glacadh freagrachta agus ár n-acmhainní a roinnt.  Ní dúshláin theibí iad sin in aon chor, tá torthaí na faillí le feiceáil cheana féin. Is féidir iad a fheiceáil sa damáiste atá déanta don dúlra agus an praghas atá á íoc ag na daoine is boichte ar an domhan goilliúnach seo againne, iad siúd is lú atá freagrach as an staid bhaolach ina bhfuilimid anois de bharr samhlacha forbartha atá easnamhach agus neamhchothrom.

Tá samhlacha nua agus smaointeoireacht nuálach de dhíth orainn agus iad bunaithe ar naisc níos doimhne agus níos fearr idir an geilleagar, an tsochaí, an éiceolaíocht agus an cultúr. Ní mór comhtháthú agus rannpháirtíocht a aithint mar ithir agus mar thorthaí don nuálaíocht sin.

Is é doimhniú an daonlathais ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus domhanda an tacaíocht is fearr is féidir a thabhairt chun an comhtháthú riachtanach sin a bhaint amach. Ní dabht ar bith ach go bhfuil sé sin ar cheann de na dúshláin is mó atá romhainn, agus ní mór é a bhaint amach tríd an éagsúlacht a bhaineann le cúrsaí cultúir, creidimh agus cumais a chur san áireamh. 

Tá níos mó i gceist leis an tasc sin ná sean-nasc atá briste a dheisiú. Ní mór comhráite nua, práinneacha domhanda a chur ar siúl agus gníomhartha a dhéanamh de bhriathra ar gach leibhéal agus i ngach earnáil. Beidh mise, mar Uachtarán, ag tnúth le tacaíocht a thabhairt do na comhráite sin.

Leagadh amach aidhmeanna agus spriocanna i gClár Oibre 2030 agus gheall na ceannairí domhanda nach “bhFágfaidís Aon Duine ar Deireadh”. Ar Lá na Náisiún Aontaithe um Dhíothú na Bochtaineachta ar an 17 Deireadh Fómhair 2015, labhair mé ar son mhuintir na hÉireann, nuair a bhí an méid seo a leanas le rá agam:

Bunphrionsabal a bhaineann le Spriocanna Chlár Oibre 2030 is ea ‘Gan aon Duine a Fhágáil ar Deireadh’ agus seachas aon ní eile, iarrtar orainne an tiomantas don dínit bhunúsach agus uilíoch a bhaineann le gach ball den chine daonna a athchruthú.

Cuid thábhachtach amháin dár dtionscadal comhroinnte maidir le Fíor-Phoblacht a sholáthar is ea glacadh lenár bhfreagrachtaí i dtaca leis na cúrsaí sin. Is gá go mbeadh fíorphoblacht forleitheadach agus go gcuirfí a cuid ball go léir san áireamh inti. Inár gcás féin, ciallaíonn sé ár nÉireannaigh ó ghlúine éagsúla lena n-áirítear iad siúd atá thar lear, agus ní mór go mbeadh sí flaithiúil maidir lena réim. B’fhéidir gur mar chuireadh chuig domhan poiblí comhroinnte ina nglactar le leas coiteann na daonnachta mar cheann de na foinsí chun an t-am atá caite, an t-am i láthair, agus an t-am atá le teacht a idirbheartú. 

Is dea-scéal é go bhfuil suim ag an nglúin óg atá ag éirí aníos anseo in Éirinn sna ceisteanna sin. Tá fís nua faoi sheol acu. Tá samhlacha a bhaineann le tomhaltas doshásaithe á bhfágáil ina ndiaidh acu agus conairí eile á gcruthú acu chun sásamh pearsanta agus comhchoiteann a bhaint amach. San áireamh ansin tá fís nua maidir leis an gcultúr comhroinnte, ar fís í a bhaineann leas as an traidisiún ach atá i bhfách leis an gcultúr mar phróiseas, agus le léiriú éagsúil comhaimseartha a dhéanamh ar an duine féin agus ar dhaoine eile i ndomhan poiblí feabhsaithe. 

Ní háil leo an bonn bheith á bhaint den daonlathas ag an tseineafóibe agus ag an bhfuath i mórchuid áiteanna agus mar fhreagairt dó sin tá daonlathas níos leithne agus níos doimhne, a ndearna mé tagairt dó, á éileamh acu, chun fíorshaoirse a bhaint amach, ar saoirse í atá ionchuimsitheach. Tá droim láimhe tugtha acu don tsoiniciúlacht, tá an rannpháirtíocht pholaitiúil agus an domhan poiblí glactha chucu féin acu agus iad toilteanach gníomhú ar son athrú eiticiúil, ionas go ndéanfar féidearthachtaí an dóchais a réadú. 

Mar shampla, tá ár ndaoine óga ag fiafraí cén fáth a bhfuil méadú ag teacht ar an iomaíocht in armlanna míleata agus ar an mí-úsáid agus an drochúsáid a bhaintear as cumas daonna, eolaíochta agus teicneolaíochta mar thoradh air sin, ar cumais agus acmhainní iad ar chóir dóibh bheith dírithe ar thacú leis an tsochaí agus leis an inbhuanaitheacht? Feiceann siad gurb í an todhchaí atá á sainiú ag an eitic, ag an bhfealsúnacht agus ag an gcruthaíocht an cineál todhchaí ar cheart feidhm a bhaint as an eolaíocht agus as an teicneolaíocht chun cuidiú léi.

Tá méadú ag teacht ar líon na n-achrann ar fud an domhain, tá an t-aontacht a bhfuil na luachanna is bunúsaí ar bith a bhaineann leis an gcomhar mar thaca fúithi á lagú. Is sa chomhthéacs sin atá guth na hÉireann thar a bheith tábhachtach. 

Sna seacht mbliana seo amach romhainn, beidh sé riachtanach athdhearbhú a dhéanamh ar thiomantas na hÉireann do chothú na síochána agus don iltaobhachas mar shaintréithe ár bpolasaí eachtraigh, agus an tiomantas sin ar cheann de na láidreachtaí is mó atá againn. Is maith a d'fhóin ár dtraidisiún taidhleoireachta dúinn ar fud an domhain, ar traidisiún é atá bunaithe ar phrionsabail normatacha seachas ar leasanna cúnga.

Ó chuamar isteach i gConradh na Náisiún an chéad lá riamh, ar conradh é a mbeidh comóradh céad bliain á dhéanamh againn air go luath, agus le linn an ama atá caite againn sna Náisiúin Aontaithe, tá meas idirnáisiúnta ar Éirinn as ucht ár gcuid oibre i dtaca le cothú na síochána, dí-armáil agus aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí an choilínithe chomh maith leis an mbéim a leagamar ar cheisteanna daonnúla agus cearta daonna a bhí ina ndíol imní. 

Féadfaimid éileamh a dhéanamh agus caithfimid éileamh a dhéanamh go mbeidh áit ag daoine, ag traidisiúin agus ag córais chreidimh éagsúla i ndomhan ina bhfuil an tsíocháin i réim, domhan a fhaigheann tacaíocht ó institiúidí láidre iltaobhacha, ar institiúidí iad a bhfuil tuiscint dhomhanda níos doimhne mar thaca leo, tuiscint a eascraíonn as na cearta dolaghdaithe a bhaineann le dínit an duine. Tuiscint a chuireann ar ár gcumas castacht na staire a aithint agus ag an am céanna teacht le chéile chun aghaidh a thabhairt ar na dhúshláin dhomhanda atá romhainn go léir.

Suíonn obair an chuimhne eiticiúil agus tascanna nua na samhlaíochta taobh le taobh. Bhí sé tábhachtach, níos luaithe ar an lá speisialta seo, pribhléid a thabhairt do dhualgas na cuimhne ómósaí, go háirithe do shliocht agus do ghaolta na ndaoine a maraíodh sa chéad cheann den dá Chogadh Domhanda a tharla sa chéad seo caite; an Chéad Chogadh Domhanda sin inar maraíodh an oiread sin den ghlúin óg, agus a scrios teaghlaigh ar fud na hEorpa. 

Agus comóradh á dhéanamh againn ar Lá an Armstad, lá a chuir deireadh le cuid den chogadh uafásach sin, tá ceisteanna comhaimseartha ann nach féidir a sheachaint, caithfimid a fhiafraí cén baol atá ann anois, céad bliain níos déanaí, má cheadaímid faillí sa taidhleoireacht agus in idirbheartú na héagsúlachta agus má ghlacaimid le teanga an fhorlámhais agus le hairm chogaidh?

Maidir leis an gcuimhne féin, ar cheann de na dúshláin a mbeidh orainne anseo in Éirinn aghaidh a thabhairt air sna seacht mbliana seo amach romhainn, tá an comóradh poiblí, foirimiúil agus scolártha a dhéanfaimid ar imeachtaí a rinne agus a spreag athruithe, ar imeachtaí comhroinnte iad, ach ar imeachtaí iad a chuaigh i gcion ar dhaoine ar bhealaí difriúla, agus a bhfuil tuiscintí codarsnacha orthu sa lá atá inniu ann.

Agus sinn ag teacht le chéile chun tabhairt faoin obair a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar na nithe atá le tabhairt chun cuimhne agus ar an mbealach a dtabharfar chun cuimhne iad, aithnímis go bhfuil níos mó i gceist ná scéal a shocrú, nó leaganacha codarsnacha a thabhairt chun réitigh nó streachailt chun an chuimhne chomhchoiteann a choilíniú. Baineann sé le dul i ngleic leis an am atá thart ar bhealach a chinntíonn nach scriosann aon éagóir a tharla, nó a mheastar a tharla, ár gcumas sa lá atá inniu ann, nó nach gcuireann sé bac ar aon fhéidearthacht a bhaineann le todhchaí chomhroinnte a shamhlaítear go heiticiúil.

Thar aon ní eile, ní fhéadfaimid an screamh a bhaint de sheanchneácha, ach ag an am céanna ní mór dúinn teacht gar go leor chun aitheantas a thabhairt do na coilm sin a chuireann méid an ghortaithe a braitheadh agus leochaileacht an chneasaithe a baineadh amach ar ár súile dúinn. Is mó de bhac ná de chúnamh aon díchuimhne bhréagach. Mar sin féin, gníomh tábhachtach breithiúnais a bheidh i roghnú an achair, gníomh a chinnfidh cad is beart cneasaithe ann agus cad a d’fhéadfaí a mheas mar shaighdeadh gan ghá. 

D’fhéadfadh buntáiste bheith ag gabháil le bheith flaithiúil i dtaca le hinsintí, agus le hómós a thabhairt don chastacht. Is buntáiste é a bhainfeadh leis an gcumas a thiocfadh ó eitic shamhlaíoch chuimhne a shaoradh a bheadh chomh cumhachtach sin agus go gcuirfeadh sí ar ár gcumas cleití a chur ar shaigheada nua, ar saigheada iad a d’fhéadfaimis a scaoileadh i dteannta a chéile i dtreo todhchaí nua. 

A Mhuintir na hÉireann, dúirt mé gur gá go mbeadh fíorphoblacht forleitheadach - go mbeadh sí flaithiúil, ionchuimsitheach, agus go mbeadh sí faoi thionchar ag comhbhá a fhéachann ar éagsúlacht nó ar ilchineálacht, ní mar fhoinsí easaontais ach mar neartú ar ár gcreatlach shóisialta agus mar fhoinsí ionchasacha don saibhreas i dtaca le cairdeas, frithpháirteachas agus féidearthacht, ar saibhreas é a théann i ndoimhneacht, ina dtugtar aitheantas d’ábhair imní tharchéimnitheacha agus atá fréamhaithe san daonnacht chomhroinnte. Féadann an chomhbhá bonn eolais a chur faoin gcaidreamh atá againn lenár gcomharsana ó chian is ó chóngar.

Tá ár gcaidreamh lenár gcomharsa béal dorais ar cheann de na cineálacha caidrimh is doimhne agus is casta atá againn. Nuair a thug mé cuairt ar an Ríocht Aontaithe in 2014, dúirt mé go raibh ár náisiúin “Ar Scáth a Chéile” – ag maireachtáil faoi scáil a chéile agus ag tabhairt foscadh dá chéile. Beidh an méid sin fíor, beag beann ar chibé athruithe polaitiúla a thiocfaidh chun cinn go luath, agus féadfaidh ról fíorthábhachtach bheith fós ag an Uachtaránacht i dtaca le caidreamh dearfach a chothú idir ár ndaoine i gcúinsí dúshlánacha.

Tá cumhacht ag baint leis an gcomhbhá a chur le hais na rannpháirtíochta, na dlúthpháirtíochta agus na cruthaíochta ag croílár polasaí agus gníomhaíochta. 

Is iad sin na luachanna a chuirfidh bonn eolais, mar shampla, faoi na trí thionscnamh speisialta atá fúm a sholáthar sna blianta seo amach romham. Rannpháirtíocht agus Athrú ó Bhonn, Samhlaíocht agus an Náisiún agus Oileán Comhroinnte, Éire Chomhroinnte.

Mórán ar aon dul leis na tionscadail sin ar chuir mé tús leo agus mé i m’Uachtarán roimhe seo  – An Óige agus an tÉireannachas, Tionscnamh na hEitice agus Glaoch, tionscadail a bhfuil rath orthu go fóill, creidim go gcuirfidh na trí thionscnamh nua atá agam creat agus fóram ar fáil do phlé corraitheach agus do smaointeoireacht bhunathraitheach. 

Tá obair i gceist leis an athrú ó bhonn agus leis an rannpháirtíocht agus ní mór bheith cróga agus diongbháilte ina leith. Baineann sé leis an mbealach a dtéimid i mbun caidrimh agus idirghníomhaíochta le chéile, an bealach a labhraímid le chéile go hoscailte ach ag an am céanna go léirímid meas ar an éagsúlacht. 

Tá seans gur féidir linn na luachana sin a thabhairt chun cuimhne ó thraidisiúin, ach mura féidir, caithfear iad a chruthú, iad a athnuachan. Is í sin an ghnaíúlacht atá fréamhaithe i gcroílár an Éireannachais, agus nuair a dhéantar í a léiriú ar an mbealach is fearr, gan dabht ar bith, tá sí i measc na n-acmhainní is fearr atá againn.

Is í an ghnaíúlacht sin a thugann an spreagadh dúinn preabadh chun teacht i gcabhair ar a chéile nuair a bhímid leochaileach, chun aitheantas a thabhairt don fhiúntas a bhaineann le cumas a chéile a fheabhsú, le cúram agus grá a bhrath agus a roinnt, le hoibriú le chéile ar son leas an phobail i ndomhan poiblí atá á roinnt againn le chéile.

Tá tionchair chultúrtha áirithe ann faoi láthair a léiríonn dímheas ar aon fhreagracht i leith riachtanais, tuairimí nó eispéireas daoine eile, agus i mórán codanna dár ndioscúrsa comhroinnte, bíonn an iomarca béime uaireanta ar dheighilt agus ar fhorlámhas seachas ar mhachnamh agus ar thuiscint. Ní féidir linn cead fréamhaithe a thabhairt don treochtaí sin. Mura gcuirfear srian leo sin, féadfaidh siad an bonn a bhaint ón suáilceas a bhaineann lenár nÉireannachas agus srian a chur leis an ngnaíúlacht ó chroí a chuir lenár saol, a líon ár gcuid samhlaíochta, agus a chuaigh chomh mór sin chun tairbhe dár gcáil agus dár n-eispéireas. 

Tá sé tábhachtach go mbeimis de shíor ag iarraidh teacht ar an gcuid is fearr dá bhfuil againn nó a d’fhéadfadh a bheith againn, agus go mbeadh sé sin mar threoir don uaillmhian chomhchoiteann atá againn i leith ár dtíre.

Le linn na hUachtaránachta seo, chomh maith leis na hócáidí comórtha ar labhair mé orthu níos túisce, beidh tréimhsí tábhachtacha dóchais agus idéalachais á gcomóradh againn freisin, tréimhsí ar féidir leo bheith fuascailteach fiú agus sinn á dtabhairt chun cuimhne.  Chuir an tréimhse idir Toghchán 1918 agus Cogadh na Saoirse, mar shampla, spás ar fáil chun bheith ag tnúth go hidéalaíoch leis a méid a d’fhéadfaí a bhaint amach de bharr na saoirse agus leis an gcaoi a ndéanfaí an tsaoirse a shainiú. 

Ba leagan ionraic, leathan, ionchuimsitheach den Phoblachtachas a bhí ann, a ndearnadh é a léiriú, mar shampla, sa teanga fhuascailteach, chothromaíoch a bhí i gClár Daonlathach na Chéad Dála in Eanáir na bliana 1919.

I measc na bprionsabal a leagadh amach ann bhí an méid seo a leanas: -

“Is é an príomhchúram a bheidh ar Rialtas an tSaorstáit ná gléas a sholáthar chun leas corpartha, leas spioradálta agus leas intleachta na leanaí a chur in áirithe dóibh; féachaint chuige ná beidh an t-ocras ná an fuacht ag goilleadh ar aon leanbh de cheal bia, éadaigh ná dín tí; ach go bhfaighidh siad gach cóir agus gléas is gá dóibh chun teagasc agus taithí cheart do thabhairt dóibh i gcomhair na hoibre a bheidh le déanamh acu mar chomhaltaí den Saorstát Gaelach.

Is ábhar ceiliúrtha gur féidir linn anois athnuachan a dhéanamh ar an idéalachas sin trí thréimhsí nua a chaitheamh ag cumadh físe, agus leas á bhaint againn as cumhacht agus samhlaíocht daoine a bhfuil oideachas orthu agus a mbaineann fiosracht intleachta leo, daoine a bhfuil a gcuid eitice fréamhaithe, ní hamháin sa réasún, ach thar aon ní eile in instinní an chroí. Déanaimis an cumas sin atá inár muintir a cheiliúradh, agus na cúinsí ina bhfuilimid faoi láthair á meas againn tugaimis aghaidh le fuinneamh agus le díograis ar na seacht mbliana seo atá amach romhainn agus ár lándícheall á dhéanamh againn san obair a bhaineann le fíorphoblacht a thógáil i dteannta a chéile, a bhfuil seans ann go bhféachfar uirthi amach anseo mar phoblacht álainn na hionchuimsitheachta, na cruthaitheachta, na samhlaíochta, an ghrá agus go deimhin mar phoblacht na lúcháire, lúcháir a ndéantar í a roinnt, mar tá sé sin freisin mar chuid den fhíor-rannpháirteachas. 

A Mhuintir na hÉirinn, gabhaim fíorbhuíochas ó chroí libh arís. Is libhse an t-uachtaránacht seo agus beidh mise ag obair ar bhur son agus i gcomhar libh chun todhchaí a chruthú ina mbeidh an comhionannas, an rannpháirtíocht, an tsamhlaíocht, an chruthaitheacht agus an inbhuanaitheacht i réim. Is i dteannta a chéile a rachaimid chun cinn. 

As láimh a chéile a mhairimid. 

Arís, a mhuintir na hÉireann, buíochas óm chroí libh, is beir beannacht.