Leabharlann na Meán

Óráidí

Beannachtaí na Nollag ón Uachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa 2009

Beannachtaí na Nollag ón Uachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa 2009

Guím beannachtaí na Nollag agus na hAthbhliana, go fial agus go fairsing, ar gach duine anseo in Éirinn, ar theaghlach na nGael agus ar chairde na hÉireann ar fud na cruinne. Is am comhluadair é am na Nollag, am teacht le chéile agus ceiliúrtha do chlanna agus do ghrúpaí cairde. Cé gur bhliain dheacair í 2009, ba bhliain í ina raibh an lámh in uachtar ag spiorad an phobail. I dtreo dheireadh na bliana tháinig tuilte nach bhfacthas a leithéid riamh sa tír – tuilte a rinne scrios agus slad ar bhailte, tithe, feirmeacha agus gnólachtaí. Tá daoine fós ag iarraidh tuiscint a fháil ar a bhfuil caillte acu. Ach, ag an am céanna, tháinig rabharta de chineál eile ar fad: rabharta cineáltais agus flaithiúlachta. Tháinig comharsana i gcabhair ar chomharsana, agus chuidigh tacaíocht ó dhaoine maithe córa le daoine a choinneáil ón éadóchas.

I rith 2009 tháinig an fhírinne ina rabharta; fírinne a bhí searbh; fírinne a bhí ceilte le blianta ag daoine fásta an lae inniu faoin am a ndearnadh mí-úsáid orthu mar pháistí. Tagann focail Patrick Kavanagh chun cuimhne, óna dhán To A Child: “Child there is a light somewhere / Under a star. / Sometimes it will be for you / A window that looks / Inward to God.”  Chuir dhá thuarascáil mhóra ar ár súile dúinn nach raibh leas páistí ar an chloch ba mhó ar a bpaidrín ag institiúidí Eaglaise agus Stáit. Ba iad an gnáthphobal, an chosmhuintir, a tháinig chun tosaigh agus a rinne cinneadh docht daingean nach dtarlódh a leithéid riamh arís.

Bhain cúinsí geilleagair siar as go leor daoine i rith 2009; le mórán acu dífhostaithe nó ar ísliú tuarastail. I mbliana tá níos mó daoine ná mar a bhí le fada an lá ag brath ar eagraíochtaí carthanachta. Arís eile is iad na grúpaí pobail atá chun tosaigh sa chath. Tá na sluaite ag obair go deonach agus na mórshluaite ag cuidiú le síntiúis airgid agus earraí.

Sa bhliain úr atá le teacht tá deis againne, muintir na hÉireann, an tír a athnuachan le hiarrachtaí pobail agus le saothar aonair ar son a chéile, sa dóigh go dtiocfaidh feoil ar chuid focal Kavanagh ina dhán Hope: “April will dance in our heart’s ballroom / We shall survive / Hope will sustain.”

Le blianta fada bhí muid ag dréim – gan mórán dóchais in amanna – le síocháin ar an oileán seo; síocháin atá anois ag dul i mbreis agus ag cur dreach nua ar an tír; síocháin atá ina lóchrann do thíortha eile ina bhfuil an chogaíocht fós i réim. Tá rianta an Tíogair Cheiltigh fós orainn: cuid acu a gcaithfidh muid foghlaim uathu, ach cuid acu a dtig linn a bheith bródúil astu, nó tá muid mar náisiún anois urrúsach, léanta agus lán de mhuinín. Is é atá romhainn anois ná an tsíocháin a dhaingniú agus tógáil go ciallmhar ar a bhfuil bainte amach againn. San am atá le teacht, agus le díograis phobal na hÉireann, déanfaidh sé ar leas agus leas ár muintire. Sin é ár nguí don bhliain úr. Gurab é a thabharfaidh sé do gach uile dhuine agaibh ardú meanman agus tógáil croí.