Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn – Lá Domhanda na Sláinte

Dáta: Déa 7th Aib, 2016 | 07:30

Agus Lá Domhanda na Sláinte 2016 á chomóradh aige, chuir an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn béim ar an tábhacht a bhaineann leis an gcomhoibriú domhanda chun cúram sláinte do chách a neartú:

“Iarrtar orainn Lá Domhanda na Sláinte a chomóradh ar an 7 Aibreán gach bliain – rud a chuireann i gcuimhne dúinn  gur tháinig náisiúin an domhain le chéile 68 bliain ó shin chun an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) a bhunú. 

Tríd an EDS, oibríonn baill na Náisiún Aontaithe le chéile chun córais sláinte a neartú agus chun a bhfreagairtí a chomhordú ar raon leathan galar agus eipidéimí féideartha, amhail an víreas Zika, Ebola agus an fliú éanúil. 

Agus ‘Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe’ á nglacadh anuraidh i Nua Eabhrac, tá sé geallta ag rialtais an domhain a gcomhoibriú a neartú, chun a sprioc ‘saol sláintiúil a chinntiú agus folláine do chách, ag gach aois, a chur chun cinn’ a bhaint amach.

Is deis é Lá Domhanda na Sláinte chun béim a chur ar thábhacht na sprice sin, agus chun sinn go léir – daoine as cúlraí éagsúla agus de gach aois – a spreagadh chun dul i mbun gnímh le sláinte agus folláine a bhaint amach. 

Sa chomhthéacs sin, is ábhar misnigh é go bhfuil dioscúrsa poiblí ar siúl in Éirinn faoi thodhchaí ár gcóras sláinte mar aon le feasacht atá ag méadú faoin tábhacht a bhaineann le tabhairt faoi ghníomh pearsanta i dtaca leis an tsláinte, leis an modh maireachtála agus leis an meabhairshláinte.

Is ceart an duine é a bheith ábalta teacht ar chúram sláinte bunúsach. Oibrímis le chéile chun an ceart sin a fhíorú do gach duine i ngach áit.”