Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ar Lá Idirnáisiúnta na hÓige NA

Dáta: hAo 12th Lún, 2022 | 13:56

‘Agus muid, ar Lá Idirnáisiúnta na hÓige NA, ag seoladh beannachtaí chun na ndaoine óga, cibé áit ina bhfuil siad agus cibé cúinsí atá ar ár bplainéad, ba mhaith linn an Óige a cheiliúradh agus ba mhaith linn ballraíocht a ghlacadh leis an Óige toisc gurb é an seans is mó atá againn an domhan a shábháil ó mhillteanas, má’s é athrú aeráide, coinbhleacht, nó mí-úsáid mífhreagrach na n-acmhainní nádúrtha atá riachtanach don chine daonna atá i gceist. 

Agus muid ag cur san áireamh go bhfuil “Féideartha Gan Teorainn/Limitless Possibilities” ag an Óige, is í an aisling atá againn dó ná go n-éireoidh leis na hathruithe nach féidir cuir i leataobh níos mó i dtearmaí cothromaíocht a bhaint amach idir ceartas sóisialta, an geilleagar, agus éiceolaíocht.

An bhfuil aon bhealach níos fearr fuinneamh agus aidhm mhorálta comhroinnte na hÓige a sholáthair chun a bhfuil thuasluaite a bhaint amach don ghlúin atá linn anois agus a bheidh linn sa todhchaí?’