Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás an tSiúr Margaret Mac Curtain

Dáta: Mái 6th Dei, 2020 | 11:54

“Tá mise ar dhuine den iliomad daoine, san oiread codanna de shochaí na hÉireann, a raibh an-bhrón orthu a chloisteáil gur bhásaigh an tSiúr Margaret Mac Curtain, siúr Doiminiceach, staraí, oideachasóir, urlabhraí chearta an duine, feimineach agus scríbhneoir. 

Bhí an oiread sin gnéithe de shaol na hÉireann, san am atá caite agus faoi láthair, ar chuir sí leo ar bhealach uathúil agus luachmhar.

Bhí sí tiomanta dá gairm bheatha dhiaga agus fuair sí inspioráid ón Dara Comhairle Vatacánach, léirigh an tSiúr Margaret Mac Curtain a bua iontach in go leor réimsí, agus cuimhneofar uirthi, ní hamháin as an méid a bhain sí amach go hacadúil ach as a cuid feachtasaíochta gan staonadh don cheartas sóisialta.

Táimid faoi chomaoin aici as an stocaireacht a rinne sí chun an pionós corpartha a dhíbirt i scoileanna agus ar son chearta leanaí le riachtanais speisialta oideachais, agus go deimhin as a cuid saothair acadúil inar tharraing sí aird ar ról na mban i stair na hÉireann a fhágtar ar lár go minic.

Bhí diongbháilteacht agus fuinneamh iontach ina cuid oibre i gcónaí, mar aon le greann, comhbhá agus daonnacht.

Aireoidh na daoine ar fad ar thug sí inspioráid dóibh uathu í, go háirithe a teaghlach agus na baill eile den ord Doiminiceach. Cuireann Saidhbhín agus mé féin ár gcomhbhrón in iúl dóibh siúd ar fad a raibh tionchar aici ar a saol.