Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ar bhás do Robert Fisk

Dáta: Dom 1st Sam, 2020 | 21:16

"Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Robert Fisk.
 
Tá saol na hiriseoireachta agus na tráchtaireachta feasaí ar an Meánoirthear níos boichte de bharr ceann dá thráchtairí is fearr a bheith básaithe.
 
Bhí sé de phribhléid agam aithne a bheith agam ar Robert Fisk ó na 1990idí ar aghaidh, agus bualadh leis i gcuid de na tíortha ar scríobh sé fúthu le tuiscint an-mhaith.  Bhuail mé leis san Iaráic, agus anuraidh bhuail mé leis den uair dheireanach i mBéiriút, le linn mo Chuairte Oifigiúla ar an Liobáin.
 
Bhí a fhios agam gur mhór aige saoránacht na hÉireann a bhaint amach, agus ba léiriú ar a thionchar ar chleachtóirí óga san iriseoireacht agus sa scríbhneoireacht pholaitiúil na sluaite a bhíodh i láthair ar na hócáidí ar labhair sé in Éirinn. 
 
Bhraith na glúnta air, ní hamháin d'Éireannaigh ach de dhaoine ar fud an domhain, chun léargas criticiúil agus eolasach a fháil faoina raibh ag tarlú i gceantair choimhlinte ar domhan, agus níos tábhachtaí fós faoi na tionchair arbh iad ba shiocair, b'fhéidir, leis an gcoimhlint. 
 
Déanaim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí lena chlann agus lena chairde iomadúla."