Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas faoi bhás an Dr. Saeb Erekat

Dáta: Mái 10th Sam, 2020 | 23:16

Dóibh siúd go léir a bhfuil suim acu sa tsíocháin sa Mheánoirthear agus i réiteach cóir ar an gcoinbhleacht idir muintir na Palaistíne agus rialtas Iosrael, beidh an-bhrón orthu a chloisteáil gur bhásaigh Saeb Erekat agus gur buille tromchúiseach atá ann don taidhleoireacht atá de dhíth go géar chun an tsíocháin a bhaint amach.

Bhí teacht i láthair suntasach ag an Dr. Erekat le linn na gcainteanna síochána go léir, i suíomhanna éagsúla.

D’aithneodh an té a bhuailfeadh leis, mar a rinne mise, go raibh acmhainn ollmhór ag muintir na Palaistíne agus a gcearta á gcur chun cinn aige. 

Cuirim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí in iúl dá bhean, dá mhic agus dá iníonacha agus do mhuintir na Palaistíne.