Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás do Desmond Guinness
Dáta: Sat 22nd Lún, 2020 | 10:30
“Beidh na daoine sin ar mór acu ealaín, ailtireacht agus oidhreacht na hÉireann faoi bhrón mór nuair a chloisfear an scéala gur bhásaigh Desmond Guinness.
Trí thionscnaimh mar Chumann Seoirseach na hÉireann, Iontaobhas Uíbh Eachach, agus Cumann Seandálaíochta Chill Dara, tá oidhreacht fágtha ag Desmond Guinness a chuir stad le neamhaird ar oidhreacht ailtireachta na hÉireann agus a chuir tús le ré nua den léirthuiscint ar oidhreacht bhreá na tíre agus den tacú léi.
Cuirim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí chuig a chlann agus a chairde agus glacaimid buíochas leis as a shaothar ar son oidhreacht na hÉireann.”