Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán ar chailleadh Michael O’Brien

Dáta: Mái 2nd Lún, 2022 | 18:15

“Is le fíorbhrón a chloisfidh ‘chuile dhuine a bhfuil grá acu do leabhair, scríbhneoireacht agus dhomhan an fhoilsiucháin faoi chailleadh Michael O’Brien ó O’Brien Press.

Ba fhoilsitheoir ceannródaíoch, misniúil agus spreagúil é Michael O’Brien. Ba chabhair thábhachtach é a obair i dtaobh fhoilsiúchán leabhair pháistí.

Thuig sé na dúshláin mhóra a bhí le hionradh an mhargaidh ar dhomhan an fhoilsiúcháin. Is cuimhin liom ag bualadh leis mar Ionadaí na bhFoilsitheoirí Éireannacha ó thaobh phraghas buan an leabhair agus thábhacht na heisceachta cultúrtha de.

Bhí grá mór aige do Bhaile Átha Cliath agus a dhaoine, rud a fheictear ina roghanna foilsiúcháin. Bhí bród aige don traidisiún a roinn sé lena athair. Bhí a athair Tom O’Brien, a rinneadh cur síos ar a shaol in ‘Strong Words, Brave Deeds’, ar na daoine a chuaigh ó Éirinn chuig Poblacht na Spáinne mar pháirt den Bhriogáid Idirnáisiúnta. 

Tá an t-uafás scríbhneoirí ann ar aithnigh Micheal O’Brien a dtallann. Chomh maith leis sin, cuimhneoidh ‘chuile dhuine a bhfuil suim acu sa domhan litríochta ar a théagharthacht, a chneastacht agus a mhisniú. Ag ár gcruinniú deireanach, nuair a thug sé cuairt ar an Áras, labhraíomar faoi na 1930dí.

Aireofar go mór é. Ba mhaith liom féin agus Sabina ár gcomhbhrón a sheoladh chuig Svetlana, bean chéile Michael, agus a pháistí, Ivan, Eoin, Dara agus Ferdia, a gharchlainne, a chlann iomlán agus a chairde ar fad.

Suaimhneas síoraí dá anam.

Micheál D. Ó hUigínn
Uachtarán na hÉireann"