Tugann an tUachtarán Connolly cuireadh don Rí Séarlas teacht ar Chuairt Stáit go hÉirinn
Dáta: Lua 18 Bea, 2026 | 17:20
Chas Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, lena Mhórgacht An Rí Séarlas III i bPálás Buckingham, Londain tráthnóna.
Bhí cruinniú ag an mbeirt Cheann Stáit le chéile ar an gcéad lá de Chuairt Oifigiúil trí lá an Uachtaráin Connolly ar Londain agus Leeds.
Thug an tUachtarán Connolly cuireadh, ag an gcruinniú, don Rí Séarlas teacht ar Chuairt Stáit go hÉirinn, cuairt a bheadh mar an dara Cuairt Stáit ag Monarc de chuid na Breataine ar Éirinn.
Thug máthair an Rí, An Bhanríon Éilís II, cuairt Stáit ar Éirinn i 2011.
Ina dhiaidh sin, thug an tUachtarán Michael D. Higgins Cuairt Stáit ar an Ríocht Aontaithe i 2014, a bhí mar an chéad Chuairt Stáit dá leithéid ag Uachtarán de chuid na hÉireann.
I ráiteas di, dúirt an tUachtarán Connolly:
“Bhí áthas orm, mar Uachtarán na hÉireann, casadh lena Mhórgacht an Rí Séarlas III tráthnóna, tráth a chuir sé fíorchaoin na fáilte romham.
Tá eolas maith ag an Rí Séarlas ar Éirinn agus tá labhartha go dearfach aige ar son na síochána agus an athmhuintearais.
Bhí muid meabhrach faoin gcaidreamh uathúil atá eadrainn mar chomharsana, agus ár stair atá fite fuaite ina chéile, ag caint dúinn ar Chuairt Stáit shuntasach na Banríona Éilís go hÉirinn i 2011 chomh maith le Cuairt Stáit an Iar-Uachtaráin Michael D. Higgins anseo i 2014.
Bhí mé thar a bheith sásta, mar sin, cuireadh a thabhairt don Rí Séarlas a Chuairt Stáit féin a thabhairt go hÉirinn. Tá mé cinnte go gcuirfear fáilte mhór roimhe rud a chuirfidh in iúl gur i dtreise atá an caidreamh eadrainn mar chomharsana agus mar chairde ag dul.”
Déanfar sonraí na Cuairte Stáit a chur i gcrích i gcomhar leis an dá Rialtas.
