Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ar Fhógairt an Phápa Leo XIV

Dáta: Déa 8th Bea, 2025 | 20:34

"Is mian liom, mar Uachtarán na hÉireann, comhghairdeachas mór a dhéanamh leis an gCairdinéal Robert Prevost tar éis dó a bheith tofa mar chomharba ar an bPápa Proinsias. 

Is cor cinniúnach é seo do chreidmhigh agus do dhaoine ar fud an domhain a bhraitheann ar an bPápacht do threoir spioradálta, do shoiléireacht mhorálta agus do cheannasaíocht dhomhanda ag tráth a bhfuil, mar a deir a réamhtheachtaí an Pápa Proinsias, bua na taidhleoireachta ag teastáil go géar. 

Glacann an Pápa Leo XIV leis an ról seo ag am a bhfuil dúshláin shuntasacha ann don domhan mór. 

Guím gach rath ar an bPápa Leo agus é ag cur tús lena Phontaifeacht, agus cuirim fáilte roimh a ráiteas go bhfuil sé i gceist aige an chomhbhá, an chríonnacht agus tiomantas don tsíocháin, don cheart agus do dhínit an duine, a dhaingniú ag croílár a Phápachta.

Tá nasc seanbhunaithe agus domhain ag Éirinn leis an Suí Naofa. Tá sé bunaithe ar luachanna comhroinnte idirspleáchais, agus an fhreagracht a ghabhann leis, chomh maith le naisc stairiúla. Táimid in Éirinn ag tnúth go mór leis an gcaidreamh sin leis an bPápa Leo a chothabháil agus a neartú, agus muid ag leanúint ar aghaidh ag roinnt an tionscadail chun idirphlé agus tuiscint a chothú idir pobail agus náisiúin.

Tá súil agam ó chroí, faoi cheannaireacht an Phápa Leo, go leanfaidh an Suí Naofa de ról lárnach a imirt i gcur chun cinn dlúthpháirtíochta domhanda, ag tabhairt aghaidh ar shaincheisteanna práinneacha na bochtaineachta, an éagothroime, an choinbhleachta agus an athraithe aeráide — dúshláin a sháraíonn teorainneacha agus a éilíonn gníomhaíocht chomhchoiteann ón bpobal idirnáisiúnta.

Thar ceann mhuintir na hÉireann, guím gach rath ar an bPápa Leo agus ar a Phápacht."