Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas on Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn – Frank Delaney

Dáta: Céa 22nd Fea, 2017 | 16:53

“Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh  Frank Delaney, úrscéalaí cáiliúil, craoltóir agus iriseoir. 

Bhí buntáiste ag RTÉ as a thallann agus a scileanna cumasacha agus bhí meas air mar chomhfhreagraí an BBC i mBaile Átha Cliath. 

Chruthaigh Frank Delaney an deis le cúrsaí ealaíne agus litríochta a phlé, agus fuair sé ardmholadh ó léirmheastóirí chomh maith le lucht éisteachta a tharraingt chuige mar gheall ar a chuid craoltóireachta agus a scríbhneoireachta. Tugadh aitheantas dó mar scoláire tábhachtach i dtaca le saothar James Joyce agus mar ghlór Éireannach údarásach sa RA agus níos faide i gcéin. 

Ba mhaith liom féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón a chur in iúl dá bhean chéile Diane, dá mhic Francis, Bryan agus Owen, dá mhuintir, dá chomhghleacaithe agus do chiorcal leathan a chairde.”