Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás do Ray McBride

Dáta: Mái 27th Iúi, 2021 | 19:11

Is cúis mhór bhróin dóibh siúd go léir a dtaitníonn amharclannaíocht agus léirithe na hÉireann leo a chloisteáil gur bhásaigh Ray McBride, aisteoir, damhsóir agus ealaíontóir den scoth. 
 
Cé go raibh Ray ar dhuine de shaoránaigh na Gaillimhe a raibh an-chion ag an bpobal air, bhain sé go háirithe le croílár cruthaitheach na Gaillimhe.
 
Bhí páirteanna aige i ndrámaí amhail ‘Wood of the Whispering’ le M.J. Molloy agus ‘Conversation on a Homecoming’ le Tom Murphy, agus cuimhneofar go háirithe air mar gheall ar na páirteanna a bhí aige mar an gCaptaen Mummer in ‘At The Black Pig’s Dyke’ agus mar Badger sa scannán ‘Reefer and the Model’ de chuid Joe Comerford.
 
Cé go raibh sé ar stáitse le Macnas, le compántas amharclannaíochta Druid agus i gcuid mhaith scannán, b’ealaíontóir den scoth agus duine ar leith a bhí ann mar gheall ar a chumas mar dhamhsóir Gaelach.
 
Cuimhneoidh siad siúd, a raibh aithne mhaith acu ar Ray McBride, ar an dínit agus ar an misneach a bhain leis agus é ag tabhairt faoi thréimhse fhada tinnis. Maidir leis an slua mór a raibh cairdeas déanta acu leis, beidh cuimhne acu ar a ghreann agus a dheisbhéalaí agus an cairdeas sin á bhronnadh aige orthu. 
 
Cuirimse agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí in iúl dá chlann, dá chairde go léir, dá chomhghleacaithe agus dóibh siúd go léir a raibh aithne agus meas acu ar Ray agus a shaothar.
 
Síocháin shíoraí dá anam.