Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás do Patricia Carrick

Dáta: Céa 25th Sam, 2020 | 14:31

“Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Patricia Carrick.
 
Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhbhrón a chur in iúl ar son mhuintir na hÉireann agus ár gcomhbhrón a chur in iúl lena muintir agus a cairde.

Labhair mé lena fear céile Damien agus leis an gclann agus lena hathair Pat O’Sullivan, cara liom le fada an lá, ag tús mhí na Samhna. Bhí aithne mhaith agam ar mhuintir Patricia agus ar mhuintir Damien ar feadh na mblianta.

Tá a fhios agam go dtugann a misneach, a bhí aici go dtí an deireadh agus a grásta mar fheachtasóir, sólás éigin dá muintir ag an am deacair seo. 

Tá sé cuí, freisin, ag an am seo, smaoineamh orthu siúd go léir ar loic an córas orthu, córas ina raibh muinín acu, agus smaoineamh ar a daoine muinteartha chomh maith.”