Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás do Desmond Fennell

Dáta: Lua 19th Iúi, 2021 | 09:43

Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Desmond Fennell, fealsamh, údar, léachtóir agus duine a bhí go mór i bhfách le cearta teanga agus leis an réigiúnachas fiúntach.

Agus cuid mhór á scríobh aige faoi cheisteanna sa bhaile – an náisiúnachas Éireannach agus iarmhairtí na críochdheighilte – agus thar lear araon san áireamh, bhain Desmond Fennell leas as spiorad na húrmhaireachta agus anailís eolach neamhspleách maidir le raon leathan téamaí.    Ba dhíospóir fuinniúil é maidir le leaganacha éagsúla den útóipe, agus ba lú tábhacht a bhain léi ná leis an Tómachas dar leis, mar a d’fhoghlaim mé, más buan mo chuimhne, agus é ina chomhghleacaí múinteoireachta agam ó am go chéile i gColáiste na hOllscoile Gaillimh.

Rugadh Fennell i mBéal Feirste agus tógadh i mBaile Átha Cliath é, agus chuimsigh a shaol  neamhbhuaine thaithí na nÉireannach agus é ag obair agus ag staidéar sa Ghearmáin, sa Spáinn, sa Bhealarúis agus san Iodáil, i measc go leor eile, agus é ag leanúint le scríobh i gcomhair nuachtáin na hÉireann agus na Breataine.

Go dtí an lá atá inniu ann, tá tionchar ag a bhfuil scríofa aige ar ré na réabhlóide in Éirinn, agus an t-áitiú lárnach iontu nár bhain réabhlóid na hÉireann amach a cuid aidhmeanna maidir le neamhspleáchas cultúrtha agus eacnamaíochta agus mairfidh an t-áitiú sin.

Cuimhneoidh go leor daoine air de bharr a chuid oibre i gConamara agus de bharr an bhaint a bhí aige féin agus a bhean Mary agus a gclann i mbunú Raidió na Gaeltachta.

Cuirim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí in iúl dá mhuintir go léir, do Miriam, dá chlann Cilian, Natasha, Sorcha agus Kate, agus dá chairde.

Thug Desmond faoin saol i mbarr a mhaitheasa agus ina dhúshláin. Go raibh rath ar a eiseamláir scríbhneoireachta agus smaointeoireachta i measc dioscúrsa an phobail. Níl amhras ar bith orm ach go mbeidh inspioráid le fáil go leanúnach óna oidhreacht agus óna fhiosracht.

Suaimhneas síoraí dá anam dílis.