Ráiteas ó Áras an Uachtaráin ar bhás Austin Currie
Dáta: Mái 9th Sam, 2021 | 21:19
Tá an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn tar éis a bhrón mór a chur in iúl ar chloisteáil dó gur bhásaigh Austin Currie tráthnóna.
Dúirt an tUachtarán,
“Tá polaiteoir tiomanta, macánta, an-dúthrachtach caillte ag Éirinn, fear a raibh ionchur suntasach aige i saol an iliomad daoine ar fud na hÉireann le linn gairmréim éagsúil agus dhúshlánach.
Cuimhneofar air mar bhall bunaithe an SDLP agus mar ghníomhaí misniúil i nGluaiseacht Chearta Sibhialta Thuaisceart Éireann ag am cinniúnach inár stair.
Tá a sheirbhís shármhaith mar dhuine a bhí i bhfách go mór le muintir na tíre seo agus mar pholaiteoir fágtha mar oidhreacht mhaorga aige. Ba shásamh agus ba phribhléid a bhí ann a bheith ag obair leis mar chomhghleacaí sa pholaitíocht.
Cuimhneofar air mar ionadaí pobail a d’fhreastail go díograiseach ar mhuintir oileán na hÉireann thar na scórtha bliain.
Cuireann Saidhbhín agus mé féin ár gcomhbhrón ó chroí in iúl do Annita, dá chlann, dá gharchlann agus dá mhuintir agus dá chairde go léir.
Síocháin shíoraí dá anam.”