Áras an Uachtaráin le páirt a ghlacadh san Uair ar son an Domhain
Dáta: Sat 19th Már, 2016 | 12:33
Tá na soilse in Áras an Uachtaráin ag imeacht as inniu Dé Sathairn, 19 Márta 2016.
Tá an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn agus Saidhbhín ag iarraidh go gcasfaí as gach solas nach bhfuil gá leis in Áras an Uachtaráin ó 8.30 pm go 9.30 pm, chun “An Uair ar son an Domhain” a chomóradh.
Is tréimhse ama i gcomhair na dlúthpháirtíochta i dtaca le gníomhú ar son na haeráide atá san Uair ar son an Domhain, nuair atá níos mó ná 350 de na sainchomharthaí is suntasaí sa domhan – Túr Eiffel, an Empire State Building agus Áras Ceoldrámaíochta Sydney – agus na milliúin teach ar fud an domhain – ag ullmhú lena gcuid soilse a chasadh as.
Ag labhairt dó faoin tionscnamh, dúirt an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn:
“Le linn na hUaire ar son an Domhain, castar AS na soilse i bhfoirgnimh ar fud an domhain, agus spreagann sé sin daoine lena gcumhacht chun athraithe a chasadh AIR. Is am atá in Uair ar son an Domhain chun béim a chur ar an tábhacht a bhaineann le dul i mbun gnímh chun ár bpláinéad leochaileach a chosaint ó iarmhairtí an athraithe aeráide. Tá a fhios againn céard atá le déanamh agus tá an comhaontú domhanda againn, i bhfoirm Chomhaontú Pháras agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Is éard a theastaíonn anois ná an toil chun na comhaontaithe sin a fhíorú i saol an lae inniu.”