Ráiteas ó Áras an Uachtaráin – Carraig Mhaighin
Dáta: Sat 10th Dei, 2015 | 14:22
Dúirt an tUachtarán Ó hUiginn inniu,
“Ghoill sé go mór orm agus baineadh siar asam nuair a chuala mé faoi bhás naonúr daoine ar a laghad agus faoi ghortú roinnt eile i gCarraig Mhaighin níos luaithe inniu. Is tubaiste uafásach a bhí ansin.
Tá an-trua agam do mhuintir agus do chairde na ndaoine sin a bhásaigh agus dóibh siúd a gortaíodh.
Tá iarrtha agam go gcoinneofaí ar an eolas mé le linn an lae faoin eachtra tragóideach seo”.