Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ag teacht ó ghlao idir an tUachtarán Ó hUigínn agus an tUachtarán Cyril Ramaphosa ón Aifric Theas

Dáta: Déa 14th Már, 2024 | 19:35

Bhí glao gutháin ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn um thráthnóna le hUachtarán an Aifric Theas, Cyril Ramaphosa.

Ghuígh an tUachtarán Ramaphosa gach rath ar an Uachtarán Ó hUigínn tar éis dó tréimhse a chaitheamh san ospidéal le déanaí agus ghabh sé buíochas leis an Uachtarán as an dlúthpháirtíocht atá léirithe ag Éire leis an Aifric Theas.

Labhair an bheirt Ceann Stáit ag am thar a bheith suaite i ndomhan atá stróicthe ag cogadh.

Labhair na hUachtaráin faoi chúrsaí in Gaza faoi láthair agus rinneadar tagairt don chás atá ag an Aifric Theas os comhair na Cúirte Breithiúnais Eorpaí (CBE). Rinne an tUachtarán Ó hUigínn tagairt chomh maith don ráiteas láidir a rinne an tArd-Aighne ar son na hÉireann ar an 22 Feabhra sa chás CBE ar leith a bhaineann leis na hIarmhairtí Dlíthiúla ag teacht ó Bheartais agus ó Chleachtais Iosrael sa chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil, le hIarúsailéim Thoir.

Chuir an tUachtarán Ramaphosa fáilte roimh iarrachtaí na hÉireann agus plé ar siúl acu le tíortha eile maidir leis an gcás in Gaza.

Luaigh an tUachtarán Ó hUigínn go bhfuil an Aifric ar an ilchríoch do dhaoine óga agus labhair an bheirt Uachtarán faoin ngá atá le hathchóiriú ar na hinstitiúid iltaobhacha idirnáisiúnta agus go mbeadh níos mó riachtanais ag an domhan nua atá le déanamh ná an sean-cheann a chur in oiriúint.

Labhair an bheirt Uachtarán chomh maith faoi shlándáil bhia agus léirigh an tUachtarán Ramaphosa an dóchas go bhféadfadh méadú sa bhreis teacht ar an gcomhoibriú idir na tíortha maidir le hoideachas agus sna hearnáil eolaíochta agus teicneolaíochta.

Leagann an tUachtarán béim ar leith ar an gcothromaíocht sa sochaí sibhialta, leis an tábhacht de chúrsaí LADTAI+ san áireamh.