Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas tar éis cruinnithe idir an tUachtarán Ó hUigínn agus Uachtarán Phoblacht Mhálta, George Vella

Dáta: Céa 1st Már, 2023 | 14:57

Chuir Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn, agus a bhean chéile Saidhbhín, fáilte roimh A Shoilse Uachtarán Phoblacht Mhálta, an Dr. George Bella agus a bhean chéile Miriam Vella, go hÁras an Uachtaráin. Chuir an imeacht tús oifigiúil le Cuairt Stáit 3 lá an Uachtaráin Vella chun na hÉireann.

Tar éis shearmanas an fháiltithe, reáchtáladh cruinniú déthaobhach idir an bheirt Cheann Stáit. Tar éis an chruinnithe, chuir an tUachtarán Vella crann Darach Éireannach ar thailte Áras an Uachtaráin, agus bhuail sé Clog na Síochána.

Tagann cuairt Uachtarán Vella tar éis Chuairt Stáit an Uachtaráin Uí Uigínn ar Mhálta i mí Bealtaine 2022. 

Phléigh an bheirt Uachtrán topaicí nua, chomh maith le cúrsaí eile a pléadh cheana le linn Chuairt Stáit an Uachtaráin Uí Uigínn go Málta, agus arís ag cruinniú an Ghrúpa Arraiolos in 2022, a d’óstáil an tUachtarán Vella i Malta mí Dheireadh Fómhair seo caite. 

I measc na n-ábhar a phléigh an bheirt Uachtarán bhí:

  • An seasamh reatha maidir le hionradh mídhleathach na Rúise ar an Úcráin agus na forbairtí agus na hiarmhairtí dóchúla sa bhliain atá le teacht;
  • An Imirce, Tuaisceart na hAfraice agus an tSaiheil;
  • Slándáil bhia tar éis don Uachtarán Ó hUigínn freastal ar chruinniú mullaigh Dakar II sa tSeineagáil i mí Eanáir;
  • Athrú Aeráide agus an gá le tús áite a thabhairt dó;
  • Caidrimh AE-RA i bhfianaise na bhforbairtí is déanaí;
  • Neodracht mar Bhallstát an AE agus stádas neodrach na hÉireann agus Mhálta san áireamh;
  • Comhairle Slándála an AE agus obair Mhálta go nuige seo agus a tosaíochtaí mar bhall, go háirithe maidir le hardú ar leibhéal na mara;
  • Deiseanna comhoibrithe sa todhchaí, ina measc Cultúr agus Ardoideachas, agus malartú teicneolaíochta

Fillfidh an tUachtarán agus Bean Vella ar Áras an Uachtaráin tráthnóna do Dhinnéar Stáit ina n-onóir, á óstáil ag an Uachtarán agus Bean Uí Uigínn. Táthar ag súil le cainteanna ón mbeirt Uachtarán ag an Dinnéar Stáit. 

Amárach, Déardaoin, rachaidh an tUachtarán agus Bean Uí Uigínn in éineacht leis an Uachtarán agus Bean Vella ar a gcuairt go Corcaigh, áit a bhfreastalóidh siad ar imeachtaí i Halla na Cathrach agus i gColáiste na hOllscoile.