Ráiteas tar éis chruinniú le hUachtarán Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach Laos, Bounnhang Vorachith
Dáta: Mái 15th Sam, 2016 | 10:35
15 Samhain 2016
“Is pribhléid mhór é cuairt a thabhairt ar dhaoine breátha Laosach, daoine ar imríodh an oiread sin géarleanúna orthu agus a bhfuil an teacht aniar á thaispeáint acu agus todhchaí inbhuanaithe á múnlú acu.
Is pribhléid speisialta mar Uachtarán na hÉireann a bheith i mo cheannaire ar an toscaireacht seo arb í an chéad Chuairt Oifigiúil ag Ceann Stáit na hÉireann chuig Daon-Phoblacht Dhaonlathach Laos.
Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Uachtarán Vorachith as a chuireadh teacht go dtí Vientiane, agus as an bhfáilte chroíúil a chuir sé, a chuid airí agus a chuid oifigigh romhamsa, mo bhean Saidhbhín, an Aire Stáit um Oiliúint, Scileanna agus Nuálaíocht, John Halligan T.D., chomh maith leo siúd go léir a bhí ag taisteal inár gcuideachta.
Bhí cruinnithe déthaobhacha rathúla agam, chomh maith, le Cathaoirleach an Tionóil Náisiúnta, an tUasal Pany Yathotou agus leis an bPríomh-Aire Thongloun Sisoulith.
Le linn ár gcruinnithe, rinne mé comhghairdeas leis an Uachtarán Vorachith as a thoghadh le gairid mar Uachtarán agus as Cathaoirleacht an-rathúil Laos ar ASEAN i mbliana. Is tacadóir an-láidir í Éire ar an gcomhoibriú réigiúnach, chun dul i ngleic le dúshláin réigiúnacha agus dhomhanda. Tá tairbhe bainte againne, in Éirinn, as ár gcomhoibriú réigiúnach taobh istigh den Aontas Eorpach agus is forbairtí an-tábhachtach a bhfuil cuma na maitheasa orthu ní hamháin don réigiúin ach don domhan ar fad atá in iarrachtaí ASEAN comhtháthú réigiúnach a chur chun cinn agus cuireann siad béim ar an ngealltanas freagra a thabhairt ar an athrú aeráide agus forbairt inbhuanaithe a lorg.
Cé go bhfuil ár dá thír i bhfad ona chéile sa chiall thíreolaíochta, tá cuid mhaith rudaí i gcoiteann againn mar dhá thír bheaga a bhí faoi scáth comharsan mór. Phléig an tUachtarán agus mé féin an bealach ar féidir linn ár n-acmhainní, ár stair agus ár gcomhthaithí ar an streachailt fhada i dtreo an neamhspleáchais a úsáid chun faisnéis a roinnt ar ár gconairí chuig an bhforbairt eacnamaíochta agus shóisialta, ar bhealach inbhuanaithe agus cuimsitheacha, agus ní hamháin i gcomhair na glúnta atá anois ann ach do na glúnta sin atá le theacht fós.
Labhair mé féin agus an tUachtarán Bounnhang Vorachith faoi chúnamh na hÉireann, tríd an gclár Cúnamh Éireann, a bhfuil sé mar aidhm aige, más ar bhealach beag féin é, cúnamh a thabhairt d’iarrachtaí an Rialtais déileáil le hiarmhairtí an chogaidh, leis an damáiste uafásach do shaol na ndaoine agus leis an gcomhshaol.
Níor cheart don domhan dearmad a dhéanamh go brách gurb í Daon-Phoblacht Dhaonlathach Laos an tír is mó a ndearnadh buamáil uirthi, in aghaidh an duine, sa stair.
Le linn na tréimhse 1964-1973 caitheadh dhá mhilliún tonna d’ordanáis síos ar an tír – is ionann sin agus buama amháin gach ocht nóiméad ar feadh naoi mbliana. Bhí tuairim is aon tríú de na cnuasbhuamaí, nó 80 milliún buama marfach, nár phléasc nuair a thit siad ar Laos agus anois tá siad scaipthe ar fud na tuaithe agus ag marú daoine nó á gcur as riocht. Gach bliain, maraítear 230 saoránach neamhurchóideach – feirmeoirí ag saothrú a bpáirceanna nó páistí ag spraoi – de bharr an chinnidh an tír álainn seo a scrios sa tréimhse idir 1964 agus 1973.
Thacaigh mé leis an achainí a rinne sé chuig an bpobal idirnáisiúnta aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin ar bhealach sásúil trí chúnamh a thabhairt ar bhonn práinne leis na scileanna riachtanacha a chruthú agus a chur i bhfeidhm chun na huirlisí marfacha agus millte sin a dhíothú agus chun an scrios ar an gcomhshaol atá déanta acu a chur ó neamhní.
Dhearbhaigh mé don Uachtarán go mbeadh tacaíocht leanúnach ar fáil ó Éirinn d’iarrachtaí a rialtais déileáil leis an dúshlán marfach sin.
Thug mé le fios go leanfaí lenár gcomhoibriú i réimsí an chothaithe agus an oideachais agus go dtaispeánfaí torthaí ár gcruinnithe i straitéis athbhreithnithe Cúnamh Éireann do 2017-2021.
Rinneamar plé, chomh maith, inár gcruinniú ar an gcomhoibriú idir an dá thír, a bhfuil gá níos mó ná riamh leis, maidir le cur i bhfeidhm iomlán ‘Clár an Dóchais’ atá sa dá chomhaontú lárnacha ó 2015: Na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus Comhaontú Pháras chun dul i ngleic le hAthrú Aeráide.
Mhol mé an tUachtarán mar gheall ar Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach Laos a bheith ar an gcéad tír ASEAN a rinne Comhaontú Pháras a dhaingniú, agus mar gheall ar fhreagra cuimsitheach agus uilghabhálach a Rialtais ar an dífhoraoisiú. Phléamar, freisin, an tábhacht a bhaineann le bonneagar a thógáil do chomhaontuithe agus do chonarthaí idirnáisiúnta chun a chinntiú go mbeadh réiteach éifeachtach ar na dúshláin chomhroinnte, ach chomh maith leis sin chun an acmhainn a neartú le cúnamh a thabhairt do thíortha cur leis an saineolas agus an bonn dlíthiúil atá riachtanach le straitéisí comhroinnte a chur i bhfeidhm ar bhealaigh a thagann le féidearthachtaí agus tosaíochtaí áitiúla.
Sna laethanta amach romhainn, beidh deiseanna eile againn plé a dhéanamh ar bhealaigh le borradh a chur faoin gcaidreamh cairdiúil agus tairbheach atá idir an dá thír.
I dtaca leis sin, thapaigh mé an deis cuireadh a thabhairt don Uachtarán Vorachith cuairt a thabhairt ar Éirinn amach anseo, sa chaoi go bhféadfainn an fháilte ghnaíúil a chur sé roimh ár dtoscaireacht a chúiteamh leis."
