Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ó Áras an Uachtaráin tar éis cruinnithe idir an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus Toscaireacht ó Chomhdháil na Stát A

Dáta: Céa 17th Aib, 2019 | 17:37

Bhuail an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn inniu le toscaireacht ó Chomhdháil na Stát Aontaithe a raibh an tUasal Nancy Pelosi, Spéicéir Theach na nIonadaithe sna Stáit Aontaithe, ina ceannaire uirthi.

Agus fáilte á cur ag an Uachtarán Ó hUigínn roimh an toscaireacht go hÉirinn, ghlac sé buíochas le Comhdháil na Stát Aontaithe, agus leis an gcácas Friends of Ireland, as a dtacaíocht d’Éirinn agus do mhuintir na hÉireann. Labhair Richard Neal, Cathaoirleach an chácais Friends of Ireland, faoina thaithí ar chúrsaí na hÉireann i bpolaitíocht na Stát Aontaithe.

Phléigh an tUachtarán agus an Spéicéir na deiseanna atá ann an cairdeas fada buan idir ár dá mhuintir a neartú agus an iliomad ceangal cultúrtha, eacnamaíochta agus sóisialta atá idir an dá náisiún.  

Rinne an tUachtarán agus a aíonna plé ar raon cúrsaí comhchoiteanna, ina measc an caidreamh déthaobhach idir Éire agus na Stáit Aontaithe, impleachtaí Brexit agus todhchaí chomhtháthú na hEorpa, Aontas Aoine an Chéasta, atá ina bhonn agus taca ag próiseas na síochána, agus ról na mban i gcruthú agus i mbuanú na síochána.  

Phléigh siad an imirce, taithí na n-imirceoirí agus na ndaoine gan doiciméid, agus an fhéidearthacht a bhaineann le reachtaíocht nua E3.  

Dhírigh an plé, freisin, ar thábhacht an dlúth-chomhoibrithe idir Baile Átha Cliath agus Washington maidir le ceisteanna a bhaineann le dúshláin dhomhanda an athraithe aeráide agus na forbartha inbhuanaithe. Chuir an tUachtarán Ó hUigínn béim ar an tábhacht le nasc a dhéanamh idir an tslándáil eacnamaíochta agus an fhorbairt inbhuanaithe ar lámh amháin agus an comhtháthú sóisialta feabhsaithe agus an dlúthpháirtíocht taobh istigh agus idir tíortha ar an lámh eile.