Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn chun Lá Domhanda na dTeifeach, 20 Meitheamh 2017 a chomóradh

Dáta: Mái 20th Mei, 2017 | 01:00

Agus Lá Domhanda na dTeifeach (20 Meitheamh) á chomóradh aige, tharraing an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn aird ar thábhacht an chomhoibrithe idirnáisiúnta chun tacaíocht a thabhairt do na daoine is leochailí ar domhan:

“Déantar Lá Domhanda na dTeifeach a chomóradh gach bliain. Is lá é a roghnaíodh chun meabhrú dúinn go bhfuil dualgas morálta orainn dul i ngleic leis an drochbhail atá ar na milliúin duine arbh éigean dóibh a mbailte agus a dtíortha dúchais a fhágáil, ar chúiseanna a bhaineann le tubaistí nádúrtha, coimhlint, foréigean eitneach nó bochtaineacht dhomhanda. 

Is lá é ar cheart dúinn sos a ghlacadh agus moladh a thabhairt do neart agus diongbháilteacht an 65 milliún duine, arbh éigean dóibh an iliomad bac agus bagairtí a shárú agus iad ag tabhairt faoi chúinsí dáinséaracha agus todhchaí neamhchinnte.  

Sa bhliain seo, agus an domhan fós ag streachailt le réiteach éifeachtúil a fháil ar na huafáis agus na hábhair bhuartha atá cruthaithe ag cogaí, géarchéimeanna agus ionsaithe fíochmhara, chomh maith leis an leibhéal díláithrithe nach bhfacthas roimhe seo dá mbarr, ba cheart dúinn leas a bhaint as Lá Domhanda na dTeifeach agus tabhairt faoi na dúshláin seo le chéile go diongbháilte. 

Ba cheart dúinn a bheith sásta go bhfuil sé geallta againn, mar phobal domhanda, go gcloífimid leis an mana ‘Ná Fágaimis Aon Duine inár nDiaidh’ agus inniu, Lá Domhanda na dTeifeach, tógaimis na céimeanna riachtanacha ar gach leibhéal chun an uaillmhian seo a fhíorú.”