Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn - Peter Barry

Dáta: Aoi 26 Lún, 2016 | 12:43

26 Lúnasa 2016

 

"Is le dobrón a chuala mé faoi bhás Peter Barry, a bheidh i gcuimhne na dteachtaí a bhí sa Dáil leis,  agus go deimhin i gcuimhne phobal na polaitíochta, as a mhórchúirtéis.

Bhí dearcadh leathan aige ar stair na hÉireann agus thug sé an chríonnacht sin chun tairbhe ina ionchur sa Chomhaontú Angla-Éireannach in 1985.

Mar dhuine, bhí an-tóir air ar feadh na bpáirtithe uile agus, ar ndóigh, bhí sé an-tiomanta do chathair Chorcaí agus a hoidhreacht.

Taobh amuigh de shaol na polaitíochta, bhí an-mheas air go hidirnáisiúnta trína chuid oibre i ngnó an teaghlaigh.

Aireofar uainn go mór é.

Ba mhaith liom féin agus le Saidhbhín ár gcomhbhrón a chur in iúl dá chlann agus dá chairde go léir."