Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn 3 Bealtaine, Lá Domhanda Shaoirse an Phreasa

Dáta: Mái 3rd Bea, 2016 | 14:40

Agus Lá Domhanda Shaoirse an Phreasa á chomóradh aige, luaigh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn inniu ról tábhachtach na meán i sochaithe daonlathacha:

"Déantar Lá Domhanda Shaoirse an Phreasa a chomóradh ar fud an domhain ar an 3 Bealtaine gach bliain, chun ómós a léiriú do na hiriseoirí a fuair bás agus iad i mbun a gcuid dualgas, agus chun bunphrionsabail shaoirse na meán, an iolrachais agus an neamhspleáchais a cheiliúradh.

I mbliana, 100 bliain ó eachtra chinniúnach Éirí Amach na Cásca in 1916, cuirtear i gcuimhne dúinn an tábhacht a bhaineann le sochaí shaor agus dhaonlathach agus leis an ról tábhachtach atá ag an iriseoireacht ar thóir poblachta iomláine agus lánfhreagraí.

Tá baint dhíreach ag saoirse an phreasa agus ag ceart teacht ar eolas le fís na fíorPhoblachta a bhaint amach. Is gnéithe lárnacha iad, chomh maith, i gcruthú na sochaí inbhuanaithe agus cothroime sin atá mar aidhm againn go léir le haghaidh ár dtodhchaí. Tá sé sin aitheanta sna Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe de chuid na NA, a d’aontaigh an pobal idirnáisiúnta anuraidh, mar threoirphlean le haghaidh na forbartha domhanda. Tá sé soiléir sna spriocanna domhanda sin nach féidir le sochaí ar bith a bheith iomlán cuimsitheach agus seasmhach i leith na todhchaí mura mbíonn ‘teacht ag an bpobal ar eolas agus ar shaoirse bhunúsach’, atá cuimsithe sna Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, san áireamh.

Ní ábhar teoiriciúil amháin atá ansin, mar a léirítear agus dúnmharú an iriseora Veronica Guerin 20 bliain ó shin á chomóradh againn. Is ionann dúnmharú iriseoirí agus cinsireacht den chuid is measa agus ní mór é a cháineadh ar an mbealach is láidre agus is féidir. Gach bliain, ar fud an domhain, íocann iriseoirí lena mbeatha as a gcuid oibre agus iad ag cur na fírinne os comhair an phobail.

Inniu, déanaimid cinneadh láidir cearta an phreasa shaoir a chosaint agus déanaimid an fhéidearthacht atá san iriseoireacht ardchaighdeáin a cheiliúradh agus sinn ag tógáil sochaí cuimsithí ar mhaithe le gach duine.”