Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Anthony Foley
Dáta: Domh 16 Dei, 2016 | 14:54
16 Deireadh Fómhair 2016
"Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil faoi bhás tobann Anthony Foley, príomhchóitseálaí fhoireann na Mumhan, agus ceann de laochra móra spóirt na haoise seo in Éirinn.
Bhí Anthony Foley ar fheabhas ó bhí sé an-óg agus rinne sé cion fir do Mhumha agus d’Éirinn, mar imreoir agus mar chóitseálaí.
Aithníodh é mar cheannaire den scoth ar an bpáirc imeartha agus in áiteanna eile agus bhí sé ina chaptaen ar fhoireann bhuaiteach na Mumhan nuair a bhuaigh siad Corn Heineken. Chomh maith leis sin d’imir sé ar fhoireann na hÉireann ar gach leibhéal, ina measc 62 uair ar an bhfoireann shinsearach, agus é ina chaptaen trí huaire.
Bhí an-mheas agus cion air, ní hamháin ag lucht tacaíochta rugbaí na Mumhan, ach freisin acu siúd go léir a raibh suim acu i spóirt na hÉireann agus iad siúd a raibh caidreamh acu leis thar lear.
Cé go mbainfear stangadh astu siúd go léir i saol an rugbaí agus an spóirt, is tragóid mhór atá ina bhás dá chlann agus dá chairde thar aon ní eile.
Mar Uachtarán na hÉireann, agus mar Phátrún ar an IRFU, cuirim mo chomhbhrón ó chroí in iúl dóibh sin agus d’fhoireann rugbaí na Mumhan."
