Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn chun Lá Idirnáisiúnta na Litearthachta a chomóradh

Dáta: Déa 8th Meá, 2016 | 06:46

Agus Lá Idirnáisúnta na Litearachta (8 Meán Fómhair) á chomóradh aige, dhírigh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar thábhacht na coithrime rochtana ar an oideachas agus ar leathnú amach feachtas litearthachta chun litearthacht san eacnamíocht a chur san áireamh.


“Déantar comóradh idirnáisiúnta ar Lá na Litearthachta gach bliain, chun aird a tharraingt ar iarrachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta le rátaí litearthachta ar fud an domhain a mhéadú.

Ón mbliain 1965, nuair a gheall Airí Oideachais ar fud an domhain go foirmiúil go gcuirfidís deireadh leis an neamhlitearthacht, rinneadh dul chun cinn suntasach i roinnt mhaith ceantar, agus tá sé ceart agus cuí anois go mbainfimis leas as Lá Idirnáisiúnta na Litearthachta 2016 chun ceiliúradh a dhéanamh ar chaoga bliain den rath, go háirithe maidir le páistí.


Den chéad uair riamh, táimid inár gcónaí i ndomhan ina bhfuil 9 as gach 10 bpáiste sa domhan, atá in aois scoile, liteartha go bunúsach. Tá siad siúd nach bhfuil fáil acu ar an scolaíocht nó atá coinnithe amach as fós goilliúnach.

Cuireann Lá Idirnáisiúnta na Litearthachta i gcuimhne dúinn go bhfuil rí-thábhacht ag baint le teacht ar an oideachas, ní hamháin ar mhaithe le daoine aonair a chumasú agus a chur chun cinn, ach mar réamhriachtanas d’fheidhmiú daonlathach pobal agus sochaithe, rud a chuireann le bonn inmharthana do chách.

Mar sin, iarrtar orainn inniu tacú le hinfheistíocht san oideachas mar infheistíocht fhíorthábhachtach don todhchaí. Déanaimis ár n-iarrachtaí a mhéadú chun an litearthacht a aithint mar bhuncheart an duine ar féidir leis an saol a athrú ó bhun, agus cuirimis an litearthacht eacnamaíochta leis sin, ionas go mbeidh tuiscint ag saoránaigh ar roghanna beartais a mbeidh tionchar acu ar a saol.

Osclaíonn litearthacht fheidhmeach saol an mhalartaithe eolais, a bhíonn go síor ag athrú, an fhoghlaim ar feadh an tsaoil, agus rannpháirtíocht fhiúntach i bpróisis pholaitiúla agus eacnamaíochta a mbíonn tionchar acu ar shaol daoine.”